Francois Hollande chun labhairt faoin ionsaí ar mhornachan, ceangal Stát Ioslámaigh á lua

Posted on Meán an tSamhraidh 26, 2015 le

0



Saol Corrach

Níl aon dearbhú ann go raibh aon cheangal Ioslamach leis ionsaí a rinneadh ag mornachan ó dheas de Lyon na Fraince ar maidin ach tá tuairimíocht láidir i meáin na Fraince gur amhlaidh atá. Fear sna 30í, a bhfuil aithne ag na péas air cheana, atá á cheistiú faoin eachtra. Tá tuairim ann go raibh an dara duine páirteach san eachtra.  Fuarthas corp fir taobh amuigh den mhornachan agus an chloigeann bainte de. Gortaíodh roinnt daoine sa mhornachan san ionsaí a tharla i dtrátha 10.00 am na Fraince. Tá Francois Hollande ag beartu caint a dhéanamh ar ball faoin eachtra. Bhí sé i mbun cainte le Angela Merkel sa Bhruiséil nuair a fuair sé scéal faoin eachtra. Tá Bernard Cazeneuve, an tAire do Ghnóthaí Baile, ar an láthair anois agus é ag fáil eolais faoin eachtra. Foilsíodh grianghraf ar shuíomhanna idirlín ar maidin ag taispeáint, más fior, an fear a…

Amharc ar an alt bunaidh 30 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht