Liam Ó Murchú i ndiaidh a bháis

Posted on Meán an tSamhraidh 30, 2015 le

0



Saol Corrach

Bhí sé ar na craoltóirí is aitheanta ag RTÉ tráth agus aird mór go háirithe a chlár clúiteach ‘Trom agus Éadrom.’ Ach inniu cailleadh Liam Ó Murchú agus é in aois 86. Corcaíoch a ba ea é agus feadh na 70í agus tús na 1980í d’éirigh thar barr lena chlár Trom agus Éadrom, clár cainte a bhí múnlaithe ar sheónna cainte na hama agus a bhí i nGaeilge don chuid is mó cé go mbíodh sé dátheangach. Bhain Liam Ó Murchú Gradam Jacob as an chlár agus mar aon le bheith ina cheannasaí ar na cláir Gaeilge ag RTÉ bhí sé seal ina leasStiúrthóir ar an stáisiún. D’imigh sé ó RTÉ in 1988 nuair a bhunaigh sé chomhlacht dá chuid féin ach rinne sé obair don stáisiún anois is arís.

Amharc ar an alt bunaidh

Posted in: Nuacht