Raflaí faoi chomhshocrú an bhomaite deiridh – fíor nó bréag ní fios

Posted on Meán an tSamhraidh 30, 2015 le

0



Saol Corrach

Dar le hurlabhraí leis an Choimisiún Eorpach gur scairt Alexis Tsipras ar Jean-Claude Juncker aréir is gur labhair an bheirt faoin chuma a d’fhéadfadh a bheith ar chomhréiteach dá mbeadh a leithéid le tarlúint. I ndiaidh don comhrá sin a bheith thart labhair Jean – Claude Juncker le cathaoirleach ar an ghrúpa Airí Airgeadais an Cheantair Euro agus cuireadh ar a súile don Príomh Aire Tsipras go mbeadh bogadh de dhíth ón Ghréig. Níor tharla sin fós dar leis an urlabhraí. Idir an dá linn tá tuairisc ann inniu go bhfuil an Ghréig chun moladh a dhéanamh do na creidiúnaithe. Ach dar le oifigeach de chuid na Gearmáine, a labhair le Reuters, go bhfuil se rómhall anois chun go lorgófaí síneadh ama don chlár cabhair eigeandála. In ainneoin sin tá tuairiscithe ag dul go tréan inniu go bhfuil iarrachtaí sa tsiúil féacháil le comhshocrú sealadach an bhomaite deiridh a aontú.

Amharc ar an alt bunaidh

Posted in: Nuacht