Suíomh nua Líofa seolta ag an Aire Carál Ní Chuilín

Posted on Meán an tSamhraidh 30, 2015 le

0



Saol Corrach

Preas ráiteas

Tá suíomh nua Líofa seolta ag an Aire Carál Ní Chuilín. Tá dearadh úr ar http;//www.liofa.eu

Chuir an tAire Comhaltaí an Tionóil ar an eolas faoin obair atá déanta ar an suíomh atá ar líne anois.

Ar sí: “I mí na Samhna anuraidh, thug mé le fios don Tionól go raibh suíomh gréasáin Líofa á chur as líne agam mar gheall ar cheisteanna slándála a bhí tagtha chun cinn. Cuireadh stad láithreach leis an suíomh ar feadh tamaill agus d’iarr mé go ndéanfaí athbhreithniú air.

“Cé gur aimsigh comhairleoirí neamhspleácha Teicneolaíochta Faisnéise roinnt laigí ar an seansuíomh, níor tháinig siad ar fhianaise ar bith gur briseadh isteach ann. Ní raibh fianaise ar bith ann ach oiread gur éirigh le tríú páirtí ar bith dul isteach sa bhunachar sonraí.

“Is mian liom, áfach, a bheith faichilleach agus gach réamhchúram a dhéanamh atá réasúnta. D’iarr mé, mar sin de…

Amharc ar an alt bunaidh 178 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht