Clann Lir agus míreana mearaí eile le Gosling

Posted on Deireadh an tSamhraidh 4, 2015 le

0



gasuirlegaeilge

Míreanna mearaí áille, á dtáirgeadh i gCorcaigh ag Gosling Míreanna mearaí áille, á dtáirgeadh i gCorcaigh ag Gosling

Thug mé abhaile na míreanna mearaí seo as Éirinn le gairid mar bhronntanas do na gasúir. Puzal álainn is ea é; dathanna gleoite agus pictiúr ealaíonta. Fuaireas é, ar ndóigh, toisc go mbaineann sé le scéal clúiteach chlann Lir, atá ar eolas ag na gasúir. Cheap mé go gcuirfeadh sé na gasúir ag smaoineamh faoin scéal chuile uair a mbeidís á chur le chéile.

Taitníonn na míreanna mearaí seo go mór leo. Is breá leo an pictiúr agus níl sé ródheacair. Tá 60 mír sa bpuzal seo agus féadann an ghirseach 5 bl. é a chur le chéile aisti féin gan chúnamh.

Feicim go bhfuil sraith míreanna mearaí ag an gcomhlacht seo a bhaineann le seanchas na hÉireann. Is féidir leat teacht orthu ag http://www.goslinggiftsandgames.com/jigsawpuzzles.html Tá suas le 1000 mír i gcuid acu! Déantar i gCo. Chorcaigh de réir dealraimh iad. Bronntanas iontach…

Amharc ar an alt bunaidh 62 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht