Lucht ‘OXI’caithréimeach, seasamh na Gréige soiléir, seasamh cheannairí Eorpacha eile doiléir is neamhchinnte

Posted on Deireadh an tSamhraidh 6, 2015 le

0



Saol Corrach

Agus toradh anois ar reifreann na Gréige – 61.31% ag lucht ‘Oxi’ (Níl) agus 38.69% ag lucht Nai, ‘Tá’ – tá rialtas na Gréige, ceannairí eile an limistéir Euro, lucht an Troika agus lucht bainc uilig ag athbheartú a seasamh i bhfianaise an toraidh agus ag déanamh réidh do mhórsheachtain chorrach eile. Beidh aird ar leith ar sheasamh na Fraince is na Gearmáine – tá cruinniú mullaigh le bheith ag Angela Merkel is Francois Hollande i bPáras maidin Luain. Tá cruinniú de bhallstáit an limistéir Euro beartaithe don Mháirt. Aird ar leith lena chois ar na margaí idirnáisiúnta, Táthar ag tuar go mbeidh titim nach beag ann ar luach an Euro agus beidh na margaí sin go mór faoi thionchar aontas, nó neamhaontas na mballstát eile sa limistéir Euro agus iad i mbun margála leis an Ghréig. Beidh aird ar leith fosta ar an sheasamh a bheidh ag Banc Ceannais…

Amharc ar an alt bunaidh 154 d’fhocla eile

Posted in: Nuacht