D’imigh sin agus tháinig seo ….

Posted on Meán Fómhair 11, 2015 le

6



Ar an drochuair tá cuma ar an scéal go bhfuair an suíomh seo ‘An Tuairisceoir’ bás i ngan fhios d’aonduine, mé féin san áireamh.

Níor tharla sé d’aon-chúis.

Tá suíomh idirlín ar nós an ghrá is cosúil, mura mbíonn tú ag obair air imíonn sé.

D’éirigh mé iontach gnóthach agus ansin níos gnóthaí arís agus ansin d’imigh an fonn chun í a choinneáil beo.

Chuir mé dua isteach sa suíomh nuair a thosaigh mé é agus bhí rath air.

B’fhiú a dhéanamh ó thaobh chúrsaí gnó de feadaim a rá ach d’imigh sin agus tháinig seo.

Le Tuairisc.ie, Nos.ie, Meon Eile, Treibh agus ar ndóigh seirbhísí Gaeilge RTÉ, níl a fhios agam an bhfuil aon bhearna fágtha d’iriseoireacht neamhspleách, fiú dá mbeadh aon ghá leis.

Agus tá mé an-sásta gur féidir liom sin a rá.

Tá mo shlí bheatha dulta leis an Bhéarla le fada agus mar sin a bheas sé go bráth is dócha agus fiú mar iriseoir Gaeilge páirtaimseartha ní bhím in ann an méid sin obair as Gaeilge agus a ba mhaith liom a dhéanamh.

Mar sin, tá mé ag amharc ar na roghanna;

* an suíomh seo a fhágáil marbh mar atá,

* a dhruidim go láithreach go díreach,

* a athbheochan mar rud éigin iomlán nua

* nó a dhíol le hiriseoir díograiseach óg ar chostas íseal (tá 4673 leantóirí Twitter ag an Tuairisceoir mar shampla, thiocfadh leis sin duine nó dream éigin a chur chun cinn go mór).

Is dócha gur chóir dom rud éigin a dhéanamh, is trua í a fhágáil mar seo gan dínit.

Ciarán Dunbar

Posted in: Nuacht