Feidhmeannas ‘Mífheidhmiúil’

Posted on Meán Fómhair 15, 2015 le

0



An scéal is déanaí ar ghéarchéim Stormont

AN tIÚR : Ba choir machnamh dáiríre a dhéanamh ar fhoras ar nós an Coimisiún Neamhspleách Faireacháin a athbhunú, sin tuairim Rúnaí Stáit an Tuaiscirt, Theresa Villiers.

Ach dar leis an chéad-aire (nó an leath-chéad-aire más maith leat mar tá sé ag seasamh siar faoi láthair), Peter Robinson, cuireann ráiteas an Rúnaí Stáit moill ar chainteanna.

Thug sé “ráiteas sealbhaíochta” ar chaint Villiers ar Twitter.

Tá sé ráite ag an UUP agus an DUP go gcaithfidh an Rúnaí Stáit plé le ceist an pharaimíleatachais sular féidir aon chainteanna ar thodhchaí an Tionóil.

Dúirt Theresa Villiers agus í ag caint sa House of Commons inniu tá an feidhmeannas mífheidhmiúil (cé nach dócha gur chuir sí an t-aistriúchán go Gaeilge san áireamh nuair a dúirt sí go raibh sé ‘dysfunctional’.).

Ach tá sí ag cur brú ar Shinn Féin, ag cur in iúl go gcaithfear Comhaontú Teach Stormont a chur i bhfeidhm.

Thug sí rabhadh go rithfidh ranna Stormont amach as airgead go luath -mura gcuirfear leasaithe sa chóras leasa shóisialta i bhfeidhm – rud a dhiúltaíonn Sinn Féin agus an SDLP a dhéanamh scun scan.

Deir Sinn Féin nach féidir réamhchoinníollacha roimh chainteanna.

Idir an dá linn, cheap ceannaire nua an Pháirtí Lábarach Jeremy Corbyn, Vernon Coaker, mar Scáth-Rúnaí Stáit.

Sin an dara huair dó sa ról agus tá sé dearbhaithe aige go dtacaíonn na Lábaraigh leis prionsabal an toilithe – d’ainneoin tacaíocht Corbyn d’Éire Aontaithe.

Anailís iomlán ar an staid reatha : 

Polaitíocht an Chnoic i Sáinn Arís Eile

Posted in: Nuacht