Náisiúin agus Teangacha na bPoblachtaí Iar-Shóivéadacha – Cuid a Dó – An tSeoirsia

Posted on Meán Fómhair 30, 2015 le

0



Is é an t-ainm atá ar an tír sna teangacha Iartharacha ná an tSeoirsia, agus is éard a thugas na Rúisigh agus na Slavaigh eile uirthi ná an Ghrúis, ach is é Sakartvelo – tír na gCairtvéalach – atá uirthi ina teanga oifigiúil féin. Bhí clú na n-ilteangacha ar Chugas riamh – “sliabh na dteangacha” a thug tíreolaí amháin ón Araib ar an gceantar míle bliain ó shin – agus níl fiú gaol ag na teangacha sin go léir le chéile. Maidir leis an tSeoirsis, is í an teanga is líonmhaire cainteoirí i bhfine na dteangacha Cugasacha  Deisceartacha, nach bhfuil gaol ar bith acu, abair, leis na teangacha Cugasacha Tuaisceartacha (an tSeisnis mar shampla). Scéal eile ar fad go mbíonn na teangacha seo cosúil le chéile ó thaobh na bhfuaimeanna is na ngnéithe gramadaí de, toisc go bhfuil siad ag dul i bhfeidhm ar a chéile leis na mílte bliain anuas.

vepkhistqaosani

“An Ridire i Riocht Pantair”, eipic náisiúnta na Seoirsia. Lámhscríbhinn ón ochtú haois déag. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla)

Is dócha go bhfuil an tSeoirsis ar an gceann is saibhre litríochta de theangacha dúchasacha an réigiúin (is é sin má fhágaimid, abair, an Airméinis as áireamh, toisc gur teanga Ind-Eorpach í). Tá a haibítir féin aici nach bhfuil róchosúil le haon cheann eile. Cé go maíonn na hAirméanaigh gurbh é an misinéir céanna a cheap an córas scríbhneoireachta dóibh féin agus do lucht labhartha na Seoirsise araon, tá an dá aibítir an-difriúil le chéile dáiríribh.

Shota Rustaveli

Shota Rustaveli, file náisiúnta na Seoirsia. Eisean a chum an eipic náisiúnta sa dóú haois déag. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla.)

Cosúil leis na hAirméanaigh, chuaigh na Seoirsigh leis an gcreideamh Críostaí go han-luath. Deir an seanchas gur bean Ghréagach ón gCapadóic darbh ainm Nina a rinne gnó Naomh Pádraig don tír i dtús na ceathrú haoise AD. Ba é an Sorastrachas, seanchreideamh na hIaráine, an reiligiún a bhí á chleachtadh ag muintir na Seoirsia roimhe sin, i mbreis ar pé pisreoga págánacha a bhí acu roimhe sin.

Chuaigh an Chríostaíocht go smior sa phobal agus níor thréig siad í, cé go mbídís á rialú ag ríthe Ioslamacha ar feadh i bhfad i rith a staire. An Chríostaíocht a chleachtas na Seoirsigh, is cineál Ortadocsachas Oirthearach í, is é sin tá sí cosúil le creideamh Críostaí na Rúise ó thaobh na ndeasghnáth agus na diagachta de. Timpeall ar dheich faoin gcéad de mhuintir na Seoirsia is Muslamaigh iad. Tá dhá mhionlach Muslamacha sa tSeoirsia, d’fhéadfá a rá. Cuid acu is Asarbaiseánaigh iad ó thaobh a saindúchais de, agus is Muslamaigh Shiacha iad. Tá Muslamaigh Sheoirsiacha sa tír chomh maith, áfach – is é sin, Seoirsiaigh eitneacha arb é an tIoslam a gcreideamh. Muslamaigh Shunnacha iad an dream seo, agus cónaí ar an gcuid is mó acu sa chúige úd Adzhara chois na Mara Duibhe. Labhraíonn siad a gcanúint féin a bhfuil cuid mhaith focal ón Tuircis inti, ach ní teanga ar leith í.

MemedAbashidze._Photo_by_N._Gaidabura._Batumi,_1903.

Memed Abashidze, scríbhneoir agus intleachtóir Muslamach ón tSeoirsia. Bhí sé barúlach go mba chóir do Mhuslamaigh Adzhara dearcadh orthu féin mar Sheoirsiaigh, agus rinne sé a lán aistriúcháin ó Thuircis agus ó Araibis go Seoirsis. Bhí sé ina cheannródaí amharclannaíochta agus drámaíochta sa tír freisin. Cuireadh chun báis é le linn phurguithe Stailín faoi dheireadh na 1930idí. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla)

Tá cúpla teanga á labhairt sa tSeoirsia agus sa Tuirc a bhaineas leis an bhfine chéanna agus an tSeoirsis féin, cé nach teangacha scríofa iad: tá na cainteoirí sásta úsáid na teanga liteartha a bhaint as an tSeoirsis nó as an Tuircis, de réir na tíre ina bhfuil cónaí orthu. Thairis sin tá teanga amháin ann a bhfuil gaol aici leis an tSeisnis agus leis an Iongúisis – an teanga Batsbi nó Tsova-Tush, nach labhraítear ach in aon sráidbhaile amháin, Zemo-Alvani i gcúige Kakheti in Oirthear na Seoirsia.

Tá dhá chuid den tSeoirsia forghafa ag an Rúis inniu, mar atá, an Abcháis agus an Oiséit Theas. An teanga a labhraíos muintir na hAbcháise baineann sí le ceann de na mionfhiní teangacha sa cheantar arís, agus í chomh saibhir i gconsain is chomh daibhir i ngutaí is gur áitigh teangeolaí amháin nach bhfuil gutaí sa teanga ar aon nós, amach ó ghutaí cúnta a cheadaíos don chainteoir na consain a fhuaimniú go soiléir. Maidir leis an Oiséitis, ceann de na teangacha Iaránacha í – is é sin tá gaol aici leis an bPeirsis mar shampla. Cé go bhfuil an tSeoirsis ag cur thar maoil le fuaimeanna is le foirmeacha gramadaí nach furasta a fhoghlaim, tá stór focal na teanga lán iasachtaí ón Laidin is ón nGréigis, ón Araibis agus ón bPeirsis. D’fhéadfá a rá go bhfuil focail chultúrtha an Iarthair agus an Oirthir fite fuaite leis an teanga, rud ar a n-aithnítear stair ilghnéitheach an réigiúin.

Ar dtús ní raibh sa tSeoirsia ach dornán ríochtaí beaga. Níor chuala údair na seanársaíochta clasaicí iomrá ar an tSeoirsia go fóill, agus ní raibh an t-ainm féin ann san am, ach bhí aithne acu ar Cholcas. B’ionann Colcas agus an chuid den tSeoirsia atá suite chois na Mara Duibhe, agus creidtear gurbh é an chéad stát Seoirsiach, nó “Cairtvéalach”, a bhí ann ar aon nós. Tá a pháirt féin ag Colcas i miotaseolaíocht na sean-Ghréige, nó b’ansin a chuaigh an laoch úd Iason agus foireann na loinge úd Argo – na hArgónátaigh – ar lorg Lomra an Óir.

Bhí na mionríochtaí Seoirsiacha faoi thionchar na sean-Róimhe ar feadh i bhfad, agus ina dhiaidh sin tháinig an Bhiosáint i gcomharbas ar an Róimh – ar ndóigh ní raibh sa Bhiosáint féin ach leath thoir na sean-Róimhe. Sa cheathrú haois AD, áfach, tháinig an Pheirs i seilbh oirthear na Seoirsia – “an Ibéir” a thugtar ar an gcuid sin den tír, cé nach bhfuil baint dá laghad aici le Leithinis na hIbéire, áit a bhfuil an Spáinn agus an Phortaingéil suite.

I ndeireadh na cúigiú haoise, bhí an Prionsa Vakhtang Gorgasali in ann neamhspleáchas a bhaint amach don Ibéir ar feadh tamaill, ach tháinig deireadh leis an tsaoirse sin go sciobtha, nuair a ghabh na hArabaigh an Pheirs agus an tSeoirsia araon. Ón naoú haois i leith, thosaigh rítheaghlach nua, clann Bagrat, ar athghabháil na Seoirsia, rud a d’éirigh lei i rith cúpla céad bliain. Ansin áfach tháinig namhaid láidir nua ag cúngú ar an tír, mar atá, na Seilsiúcaigh – fánaithe Turcacha a bhí díreach ag déanamh a gcoda féin den Iaráin.

Sa bhliain 1071 bhris na Seilsiúcaigh an cath ar na trúpaí Biosántacha, Airméanacha agus Seoirsiacha in aice le Manzikert (Malazgirt), agus ba dá dheasca sin a thit an Mhion-Áise leis na treibheacha Turcacha, ionas gur thosaigh an meath ag teacht ar an mBiosáint i gceart – roimhe sin, ba nós leis na Biosántaigh dearcadh ar an Mion-Áise mar chuid de chroí a nImpireachta. Fágadh cuid mhór den tSeoirsia féin faoi smacht na Seilsiúcach i ndiaidh chath Manzikert, agus b’éigean do bhunadh na tíre sábháilteacht a lorg sna sléibhte, mar ba dhual do na pobail Chugasacha riamh.

battle of manzikert

An cath ag Manzikert. Mionphictiúr Francach ón gcúigiú haois déag. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla)

Faoi dheireadh na haonú aoise déag, áfach, chuaigh rí óg éirimiúil, Dáibhí a hAon, i gceannas ar na Seoirsiaigh. Faoin am chéanna bhí na Crosáidirí ag iarraidh an Leiveaint a shealbhú ó na Muslamaigh, rud a d’fhabhraigh do Dháibhí ina chuid cogaí. Bhí sé ábalta an chuid ba mhó den tSeoirsia a aontú faoi aon choróin amháin, cé gur fhan na Seilsiúcaigh ag rialú Tbilisi, príomhchathair na tíre. Bhí na Seoirsiaigh in ann frithionsaí na Seilsiúcach a chloí sa bhliain 1121 i gCath Didgori, agus go gairid ina dhiaidh sin chuaigh siad i seilbh Tbilisi féin. Ina dhiaidh sin d’iompaigh an tSeoirsia ina cumhacht thábhachtach réigiúnach, agus mhionnaigh cuid mhór de na hAirméanaigh féin móid dílseachta don Rí Dáibhí. “An Tógálaí” an leasainm a bhaist na Seoirsiaigh air.

Ní mór an Bhanríon Tamar a lua freisin, áfach. Bhí sise ag rialú na tíre i ndeireadh na dóú haoise déag agus i dtús na tríú haoise déag, agus í ag leanúint léi ag iarraidh tuilleadh tailte agus géillsinigh a ghabháil don tSeoirsia. Thairis sin, áfach, is gnách leis na Seoirsiaigh dearcadh ar bhlianta Tamar mar ré órga gan a leithéid eile i stair na tíre. Bhí sise ag rialú na Seoirsia nuair a bhreac Shota Rustaveli síos an eipic náisiúnta.

rustaveli tamar

Shota Rustaveli, file náisiúnta na Seoirsia, ag cur lámhscríbhinn a eipice faoi bhráid na Banríona Tamar. Ba é an t-ealaíontóir Ungárach Mihály Zichy a dhathaigh an pictiúr seo faoi dheireadh na naoú haoise déag. (Foinse: Vicipéid na Gearmáine)

Sna 1220idí áfach thosaigh na Mongólaigh ag ionsaí thíortha an réigiúin, agus d’fhorghabh siad cuid mhór den tSeoirsia chomh maith. D’éirigh muintir na Seoirsia amach in aghaidh na Mongólach uair i ndiaidh a chéile, agus sa deireadh bhí an Rí Seoirse a Cúig (a rialaigh an tír sna blianta 1314-1346) in ann neamhspleáchas iomlán a bhaint amach don tSeoirsia agus a cuid seantailte a athghabháil. Mhair na Mongólaigh, nó na treibheacha Turcacha faoi cheannas na Mongólach, ag ionsaí na Seoirsia ina dhiaidh sin féin agus iad ag déanamh an-léirscrios ó am go ham.

Sa bhliain 1453 shealbhaigh Sabhdán na Tuirce Mehmet a Dó Cathair Chonstaintín, agus chuir sé deireadh le stair na Biosáinte. Dá dheasca sin fágadh an tSeoirsia féin imshuite ag cumhachtaí Ioslamacha, agus faoi dheireadh na cúigiú haoise déag thit an tír as a chéile ina ríochtaí beaga. Chaith na Seoirsiaigh tamall ama ag iarraidh a mbealach a dhéanamh idir dhá thine Bhealtaine idir an Pheirs Shafaivídeach agus an Tuirc Otamánach.

Ba nós leis an uasalaicme Sheoirsiach éirí amach in aghaidh na gcumhachtaí Muslamacha de réir cé acu ba mhó a bhí i gceannas ar an tír, agus rinne an tsíor-threallchogaíocht seo an-dochar d’infreastruchtúr agus do gheilleagar na Seoirsia. San ochtú haois déag thosaigh Impireacht na Rúise ag cur suime sa tSeoirsia, agus ón taobh eile de bhí uasalaicme dhúchasach na tíre cairdiúil i leith na Rúiseach, toisc gurbh fhearr leo impireacht Chríostaí ná impireacht Mhuslamach a bheith á rialú.

Kindzmarauli

Deirtear gurb iad na Seoirsiaigh a chuir tús leis an bhfíon mar rud. Cibé faoi sin, tá cultúr saibhir fíona acu. Tá clú agus cáil ar Kindzmarauli, mar shampla – fíon dearg leathmhilis ó Oirthear na Seoirsia é. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla)

Shealbhaigh an Rúis an tSeoirsia ón bPeirs de réir a chéile. D’éirigh le hEarcail (Erekle) a Dó ríocht neamhspleách a ghairm d’oirthear na Seoirsia, ach ansin chuaigh sé ar lorg cabhrach agus coimirce ó Chaitríona Mhór, ban-Impire na Rúise, in aghaidh na bPeirseach is na dTurcach. Mar ba ghnách, bhí an Rúis díreach ag cur cogaidh ar na Turcaigh, agus bhain trúpaí Rúiseacha úsáid as tailte na Seoirsia i dtús na 1770idí le cath a chur ar an namhaid. Ina dhiaidh sin, áfach, d’éirigh leis na Peirsigh an tSeoirsia a ghabháil arís, ó thréig na Rúisigh Earcail i ndiaidh dó fealladh air: shínigh sé conradh leis an Rúis a d’fhág a thír faoi choimirce na Rúise, ach san am chéanna bhí comhchainteanna ar siúl aige leis na Turcaigh Otamánacha, naimhde na Rúiseach.

Scéal leadránach fadálach ab ea an dóigh ar ghabh an Rúis tailte na Seoirsia ó na Peirsigh, agus níor tháinig deireadh leis na cogaí bainteacha roimh na 1870idí. Bhí uaisle na Seoirsia sásta comhoibriú leis an Rúis, ó bhí bá acu leis an tír sin ar chúiseanna cultúrtha agus reiligiúnacha. Mar a d’iompaigh na cúrsaí amach, áfach, ní raibh mórán urraime ag na Rúisigh do chultúr neamhspleách na Seoirsia. Cuireadh féinriail na hEaglaise Ortadocsaí sa tSeoirsia ar ceal agus rinneadh proibhinse de chuid Eaglais na Rúise di.

Ba é ba thoradh dó seo gur thosaigh gluaiseacht náisiúnta nua-aimseartha ag forbairt sa tSeoirsia. Ba é Ilia Chavchavadze (1837-1907) a bhí i gceannas ar an ngluaiseacht sa dara leath den naoú haois déag. Iriseoir agus scríbhneoir a bhí ann agus dintiúirí dlí aige. Bhí gaol ag a thuismitheoirí le seanualsie na Seoirsia, agus suim acu i litríocht agus i seanchas na tíre. Fuair sé an chuid ab airde dá oideachas i gCathair Pheadair sa Rúis, áit ar chuala sé iomrá ar imeachtaí móra na tréimhse cosúil le héirí amach Giuseppe Garibaldi san Iodáil, agus chuaigh smaointeachas liobrálach nó radacach a linne go mór mór i bhfeidhm air. Theastaigh uaidh an tSeoirsis a athbheochan mar theanga liteartha, agus sin é an inspioráid ba mhó a bhí aige le filíocht agus scéalta a chumadh sa teanga dhúchais.

chavchavadze

Ilia Chavchavadze ina mhac léinn óg. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla)

Bhí radacachas de chineál eile ag teacht ar an bhfód sa tSeoirsia chomh maith – is é sin, an Sóisialachas – agus ní raibh na Sóisialaigh ar aon fhocal le Chavchavadze faoi thábhacht an neamhspleáchais don tír. Ba é an cuspóir ba mhó a bhí acu ná deireadh a chur le hanlathas na Rúise Impiriúla agus poblacht a chur ar bun don tír sin go léir. Ba é Noe Zhordania fear ceannais na Sóisialach sa tSeoirsia ó na 1890idí i leith. Bhí Zhordania ina bhall den ghrúpa Shóisialach Mesame Dasi, nó an Tríú Grúpa, agus é ag déanamh ionadaíochta don tSeoirsia i bPáirtí Daonlathach Sóisialach na Rúise. Nuair a scoilt an Páirtí sin ina dhá fhaicsean, na Boilséivigh agus na Meinséivigh, chuaigh Zhordania leis na Meinséivigh, agus ba iadsan an grúpa Sóisialach ba mhó tionchar sa tSeoirsia ina dhiaidh sin. Bhí dearcadh measartha aige agus é barúlach nach mba chóir do na Sóisialaigh troid armtha a chur ar an gcóras Impiriúil – ina ionad sin b’fhearr leis páirtí dlíthiúil polaitiúil a chur ar bun.

Noe_Schordania

Noe Zhordania, ceannaire na Meinséiveach sa tSeoirsia. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla)

Nuair a thosaigh an réabhlóid agus an cogadh cathartha sa Rúis, d’fhógair an tSeoirsia neamhspleáchas. Ba é Noe Zhordania a bhí ina Uachtarán sealadach ar an tír nua a fhad is a mhair sí, agus ba iad na Meinséivigh an fórsa polaitiúil ba láidire ansin. Ní raibh fad saoil i ndán don phoblacht seo – “Poblacht Dhaonlathach na Seoirsia” – áfach. Rinne Boilséivigh na Rúise gach iarracht le cobhsaíocht inmheánach na Seoirsia – síocháin na sochaí – a chur ó mhaith, agus sa deireadh d’fhorghabh an tArm Dearg an tír scun scan. B’éigean do rialtas Zhordania teitheadh lena anam, agus mhair treallchogaíocht in aghaidh na mBoilséiveach fad an chéad leath de na 1920idí, cé go ndearna na Boilséivigh a ndicheall an tír a chur faoi smacht. Cuireadh na mílte daoine chun báis i mblianta an Sceimhle Dheirg: ba é an Boilséiveach óg Lavrentiy Beriya (1899-1953) a bhí i gceannas ar an tSeoirsia san am, an fear céanna a bhí le míchlú mór a thabhú dó ina dhiaidh sin, agus é ag stiúradh Choimeasáracht Phobail na gCúrsaí Inmheánacha (NKVD), réamhtheachtaire an KGB, ar leibhéal an Aontais Shóivéadaigh go léir.

Lavrenti_Beria_Stalins_family

Lavrenti Beriya i gcuideachta Svetlana, iníon Stailín. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla)

Ar dtús bhunaigh na Boilséivigh comhphoblacht – an Phoblacht Thras-Chugasach – do na hAirméanaigh, na Seoirsigh agus na hAisearbaiseánaigh araon. Sa bhliain 1936 cuireadh deireadh leis an bpoblacht seo, agus dealaíodh an Airméin, an tSeoirsia agus an Aisearbaiseáin ó chéile i struchtúr an chnuas-stáit Shóivéadaigh.

Ar ndóigh, ní féidir trácht ar an tSeoirsia sa ré Shóivéadach gan tagairt a dhéanamh do Stailín. Ba é Iósaif Stailín, nó Ioseb Dzhughashvili, an deachtóir ba mhó a d’fhág lorg a láimhe ar stair an Aontais Shóivéadaigh go léir, agus lorg fuilteach a bhí ann gan aon amhras.

Saolaíodh Stailín sa bhliain 1878 in Gori, timpeall ar leathchéad míle slí ó Tbilisi, príomhchathair na Seoirsia (san am sin, ba é an seanainm Rúisise, Tiflis. an t-ainm oifigiúil ar an áit sin). Bhí a athair ina dhruncaire a thugadh íde dá bhean chéile agus dá mhac go minic, agus sa deireadh thréig sé iad. Theastaigh ó mháthait Ioseb a chinntiú nach rachadh an buachaill chun donais mar sin nuair a thiocfadh sé i mbun a mhéide, agus d’fhéach sí chuige go bhfuair an buachaill oideachas reiliigiúnach. D’fhreastail Ioseb óg ar scoil sagartóireachta na heaglaise in Tiflis, ach ní raibh sí sásta leis an gcineál sin scolaíochta – le fírinne chuaigh sé le haindiachas go gairid tar éis dó dul sa scoil.

CroppedStalin1943

Stailín ina cheannasaí cogaidh le linn an Dara Cogadh Domhanda. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla)

Ba í an Rúisis teanga an teagaisc sa scoil, rud nár thaitin le hIoseb óg ar aon nós. Bhí an-suim aige i litríocht agus i gcultúr a thíre féin, agus é an-tugtha don úrscéal Mamis mk’vleli (“Fionaíl”) leis an scríbhneoir rómánsúil Aleksandre Qazbegi. Scéal tragóideach grá é an t-úrscéal seo, ach thairis sin, is scéal díoltais é: nuair a fhaigheas an lánúin óg bás, titeann sé ar chrann an robálaí cróga Koba a shásamh sin a bhaint. Theastaigh ó Ioseb óg aithris a dhéanamh ar laochas Koba ina shaol féin, agus d’éiligh sé ar a chuid cairde Koba a thabhairt air féin. Ba é Koba an leasainm a bhí air i ngluaiseacht na réabhlóide sular bhaist sé Stailín air féin.

Is minic a chuirtear i leith Stailín nach raibh a chuid Rúisise rólíofa, ach ní mór amhras áirithe a chur sna líomhaintí seo. Cé go raibh crampa na Seoirsise ar a theanga riamh, bhí sé eolach ar litríocht chlasaiceach na Rúise, agus é in ann seanfhocail de chuid na cosmhuintire a tharraingt chuige nuair a theastaigh uaidh brí agus spíosra a chur lena chaint. Dúirt George Orwell san aiste a scríobh sé faoi náisiúnachas gur ceannaire mór náisiúnaíoch de chuid na Rúise a bhí ann cé gur coimhthíoch a bhí ann sa tír sin, agus an ceart aige: dealraíonn sé gur chuir Stailín caol ar leith air féin iompú ina Rúiseach, agus ba chuid den iarracht seo an staidéar a rinne sé ar litríocht na tíre.

Nuair a fuair Stailín bás, ba é Nikita Khrushchov a shealbhaigh an chumhacht, agus mar is eol do chách, rinne Khrushchov iarracht an tAontas Sóivéadach go léir a “dhí-Stailíniú”, a thabhairt chun frith-Stailíneachais, agus é ag cáineadh na n-uafás a thit amach nuair a bhí Stailín i gceannas ar an bpáirtí agus ar an stát Sóivéadach. Íorónta go leor bhí urraim áirithe náisiúnaíoch ag muintir na Seoirsia do Stailín, agus ní mó ná sásta a bhí siad leis an bpolasaí nua. Sa bhliain 1956 tharla ár aisteach in Tbilisi, príomhchathair na Seoirsia, nuair a tháinig mic léinn ag léirsiú in aghaidh Khrushchov, ar mhaith le Stailín. Mar ba dhual don stát Shóivéadach cuireadh an agóid seo faoi chois, agus fuair ceithre scór duine bás sa teagmháil. Spreagadh d’fhorbairt an náisiúnachais sa tír a bhí san ár seo, nó is léir nár thabhaigh sé dílseacht ar bith ó mhuintir na Seoirsia do Khrushchov.

Scéal eile é fós go ndeachaigh an t-éilliú, an bhreabadóireacht agus an chaimiléireacht ó smacht ar fad sa tSeoirsia sna blianta iarchogaidh. Ba mhór an fhadhb é an t-éilliú san Aontas Sóivéadach go léir, ach sa tSeoirsia bhí an lobhadas seo chomh dona is gur tháinig lucht rialtais an stáit ar an gconclúid go raibh orthu rud éigin as an ngnáth a dhéanamh leis an ngalar a leigheas. Sna seascaidí cuireadh Eduard Shevardnadze i gceann na gcúrsaí slándála sa tSeoirsia, agus chuir sé cath ar bhreabadóireacht ón gcéad lá go dtí an lá deiridh a chaith sé ina Aire Gnóthaí Inmheánacha sa tír. Is deacair a rá an raibh mórán ratha ar an bhfeachtas seo. Bhí cuid mhór de mhuintir na Seoirsia míshásta ar fad leis an bhfeachtas, ós rud é go raibh sé ag déanamh níos mó dochair d’eacnamaíocht na poblachta ná an t-éilliú féin, nó chomh láidir is a bhí an margadh dubh sa tír bhí a lán daoine ina thuilleamaí le haghaidh slí bheatha. Ina dhiaidh sin féin thabhaigh a chath in aghaidh an mhargaidh dhuibh agus na breabadóireachta suíochán do Shevardnadze i rialtas Mhikhail Gorbachov, fear na peireastráice agus an ghleasnaist.

Shevardnadze

Eduard Shevardnadze ina Uachtarán ar an tSeoirsia ar cuairt sna Stáit Aontaithe (pictiúr: Vicipéid an Bhéarla)

Nuair a ghlaoigh Moscó ar Shevardnadze, ba é an Cumannach coimeádach Dzhumber Patiashvili a tháinig i gcomharbas air. Maorlathach gan blas gan boladh a bhí ann nach raibh mórán tuisceana aige don dóigh a raibh na cúrsaí ag athrú ar fud an Aontais Shóivéadaigh, agus nuair a thosaigh muintir na Seoirsia ag dul chun cearmansaíochta air, níor rith leis ach an lámh láidir a oibriú ar na daoine, rud nach ndearna ach tuilleadh radacachais a spreagadh. I Mí an Aibreáin 1989 rinne na saighdiúirí Sóivéadacha ár fuilteach ar na léirsitheoirí a bhí ag éileamh neamhspleáchais, agus de dheasca an doirteadh fola seo bhain bunadh na tíre súil den Aontas Sóivéadach go hiomlán. Zviad Gamsakhurdia, eitneolaí agus mac le fear de scríbhneoirí móra na Seoirsia, a chuaigh i gceannas ar ghluaiseacht na saoirse, agus nuair a bhain an tSeoirsia amach a neamhspleáchas, ba eisean a toghadh ina Uachtarán.

Zviad_Gamsakhurdia,_Tbilisi,_1988

Zviad Gamsakhurdia (foinse: Vicipéid an Bhéarla)

Níor éirigh go rómhaith le Gamsakhurdia ina dhiaidh sin, áfach. Cé gur ghlac na mionlaigh náisiúnta – na hAbcáisigh agus na hOiséataigh – páirt sa troid ar son na saoirse, ní raibh mórán foighne ag Gamsakhurdia ina dtaobh, agus deirtear go raibh seisean ciontach go leor sa dóigh ar éirigh ina chogadh dearg idir iad agus na Seoirsiaigh eitneacha. Fuair na mionlaigh cabhair ó na trúpaí Sóivéadacha/Rúiseacha a bhí fágtha sa tír, rud a thug siocair do Gamsakhurdia iad a bhrandáil mar spiairí de chuid Mhoscó. D’fhág na mionlaigh slán ag an tSeoirsia agus bhunaigh siad poblachtaí neamhspleácha le cuidiú ón Rúis – poblachtaí nach bhfuair aitheantas ach ó chúpla tír agus iad féin faoi thionchar pholaitiúil na Rúise.

Sa deireadh, thosaigh an freasúra ag eagrú feachtais in aghaidh Gamsakhurdia. Chuaigh scoilteadh trasna na bhfórsaí armtha féin, agus tháinig an chuma ar an scéal go raibh cogadh cathartha leis an tSeoirsia a streachailt as a chéile ar fad. I ndeireadh na bliana 1991 rinne an freasúra coup d’état agus b’éigean do Gamsakhurdia teitheadh lena anam i dtús Mhí Eanáir, 1992. Fuair sé tearmann ó Uachtarán na Seisnia, Dzhokhar Dudayev. Cúpla mí i ndiaidh do Gamsakhurdia imeacht, d’fhill Shevardnadze abhaile, agus ghair lucht ceannais an fhreasúra Uachtarán nua de. Ní raibh lucht leanúna Gamsakhurdia sásta leis seo, ós rud é nárbh iad vótaí na cosmhuintire a thogh Shevardnadze. Bhí na “Zviadaigh” ag léirsiú agus ag agóidíocht in aghaidh Shevardnadze lá i ndiaidh a chéile, agus iad barúlach nach raibh ann ach cúlaistín de chuid na Rúise. Ar ndóigh bhí an tUachtarán nua ag iarraidh an agóidíocht seo a chur faoi chois le lámh láidir.

I Mí Mheán Fómhair 1993 tháinig Gamsakhurdia ar ais go dtí an tSeoirsia. Chuir sé faoi i Zugdidi i gcúige na Mingréile. Tá teanga agus dúchas eitneach ar leith ag muintir an chúige seo – cé go bhfuil an Mhingréilis gaolmhar leis an tSeoirsis chaighdeánach, tá an dá theanga an-difriúil le chéile, agus caithfidh na Mingréiligh Seoirsis a fhoghlaim ar scoil le hadhmad ceart a dhéanamh di. Is é polasaí oifigiúil na Seoirsia ná glacadh leis an Mingréilis mar chanúint. Roimhe sin, ní raibh meas an mhadra ag Gamsakhurdia féin ar na Mingréiligh mar ghrúpa sainleasa, ach nuair a theastaigh a gcuidiú uaidh, ní raibh moill ar bith air ceol nua a chasadh. Phléasc cogadh cathartha amach in athuair idir na “Zviadaigh” – lucht leanúna Gamsakhurdia – agus rialtas Shevardnadze, agus ar dtús bhí ag éirí leis na Zviadaigh. Ansin áfach fuair an Rúis ceadúnas polaitiúil ó rialtais na hAirméine agus na hAsarbaiseáine ladar a chur sa chogadh. Bhí an chuma ag teacht ar an scéal go raibh na ceannairceoirí le Poti, cuanchathair thábhachtach chois na Mara Duibhe, a shealbhú, agus bhí an Airméin, mar thír thalamh-iata, i dtuilleamaí an chalafoirt seo le haghaidh trádála leis an saol mór. Le caoinchead na stát seo, tháinig trúpaí Rúiseacha isteach, agus níor thóg sé mórán ama orthu na Zviadaigh a chloí. Maraíodh Gamsakhurdia féin i ndeireadh na bliana 1993, i bpáirc an áir.

I ndiaidh bhás Gamsakhurdia d’fhan Shevardnadze i gceannas ar an tír go ceann deich éigin mblian. Bhí cuid mhaith de bhunadh na Seoirsia míshásta leis mar Uachtarán ó thús, agus sa bhliain 1995 rinneadh iarracht le hé a mharú le buama. Ghlac sé féin leis gur iar-chomhghuaillithe dá chuid féin a bhí ciontach – is é sin, eagraíocht pharaimhíleata na Ridirí, nó Mkhedrioni. Mílíste náisiúnaíoch a bhí sna Ridirí agus baint acu le saol na gcoirpeach: ar dtús bhí siad mór le Gamsakhurdia, ach nuair a d’fhuaraigh an cairdeas idir é siúd agus iadsan, chuaigh siad le Shevardnadze, a bhí i dtuilleamaí na Ridirí le seilbh a choinneáil ar an gcumhacht. Bhí idir easaontóirí sa tSeoirsia féin agus lucht rialtais tíortha eile ag lochtú na Ridirí agus an ról a bhí acu i bpolaitíocht na tíre, agus i dtús na bliana 1995 d’fhéach Shevardnadze leis an mílíste a dhíscaoileadh. A dhíoltas sin a bhí i gceist leis an iarracht dhúnmharaithe.

Cé go ndearna Shevardnadze a dhícheall le deireadh deifnideach a chur leis na Ridirí ina dhiaidh sin, tá tionchar áirithe acu ar pholaitíocht inmheánach na Seoirsia go dtí an lá atá inniu ann. Sa bhliain 1999 bhunaigh iarsmaí na Ridirí páirtí náisiúnaíoch dá gcuid féin, ach ní raibh mórán ratha air sna toghcháin. Dealraíonn sé áfach go bhfuil an eagraíocht ann i gcónaí, agus í idir eatarthu idir maifia coiriúil, mílíste agus páirtí polaitiúil.

Sa bhliain 2003 tháinig deireadh le réimeas Shevardnadze. Bhí an t-éilliú agus an lobhadas eacnamúil ag dul chun donais arís, agus an chuma ar an scéal gurbh é an tUachtarán agus lucht a leanúna ag iarraidh teacht i dtír air seo. Nuair a tháinig chun solais freisin go raibh Shevardnadze tar éis calaois toghchán a dhéanamh le tuilleadh faid a chur lena théarma Uachtaránachta, bhí a phort seinnte. Ba é ba thoradh dó seo go ndeachaigh muintir na Seoirsia ag léirsiú agus ag agóidíocht in aghaidh Shevardnadze, agus i Mí na Samhna 2003 thoiligh an tUachtarán éirí as go síochánta. I ndiaidh toghchán nua ba é Mikheil Saakashvili a bhain amach an oifig is airde sa tír.

Bhí dearcadh liobrálach, liobraíoch fiú, ag Saakashvili ar chúrsaí eacnamaíochta, agus mar sin, chuir sé an bhéim is mó ar leas na gcaipitlithe agus an lucht gnó agus é ag tabhairt isteach leasuithe geilleagair, ráta comhréidh na cánach ar ioncam mar shampla. I Mí Lúnasa 2008 d’éirigh ina chogadh idir gluaiseacht neamhspleáchais na hOiséite Theas agus an tSeoirsia, agus tháinig trúpaí na Rúise chun fortachta do rialtas scarúnach na hOiséite. D’ionsaigh na Rúisigh críocha na Seoirsia taobh amuigh den Oiséit féin, agus bhuamáil an Rúis roinnt cathracha sa tSeoirsia, ionas go bhfuair sibhialtaigh bás. D’fhan trúpaí Rúiseacha i seilbh na hOiséite agus na hAbcáise i ndiaidh an chogaidh seo, agus thug an Rúis aitheantas oifigiúil do neamhspleáchas an dá phoblacht – neamhspleáchas atá bunaithe ar thacaíocht ón Rúis go hiomlán, ar ndóigh.

Posted in: Nuacht