94% Ar Son Acht Gaeilge

Posted on Deireadh Fómhair 2, 2015 le

0



BREIS IS 94% AR SON ACHT GAEILGE Ó THUAIDH: ‘TÁ SÉ IN AM TOIL AN PHOBAIL A CHUR I BHFEIDHM’ – Conradh na Gaeilge

Fógraíodh inné ag an Choiste Roinn Chultúr Ealaíon agus Fóillíochta (RCEF) go raibh 94.7% d’aighneachtaí a fuarthas sa phróiseas comhairliúcháin i rinneadh ag tús na bliana ar son Acht Gaeilge ó thuaidh.

 Deir Niall Comer, Tanáiste Chonradh na Gaeilge: “Tá ardmholadh tuilte ag gach aon duine a ghlac páirt sa phróiseás tábhachtach seo.

“Tháinig an comhairliúchán seo sna sálaí ar suirbhé a rinne Conradh na Gaeilge ag tús na bliana a léirigh go raibh an phobal i bhfách le seirbhísí Gaeilge a bheith ar fáil don phobal, thuaidh agus theas. Tá teachtaireacht soiléir don rialtas ó na torthaí seo agus ní mór daofa beart dá réir briathar an phobail a dhéanamh.

“Caithfear cearta lucht labhartha na Gaeilge a dhaighniú i reachtaíocht agus na huirlisí a thabhairt don phobal, a ghlac páirt i gcomhairliúcháin an rialtais go fonnmhar agus le díograis, forbairt na Gaeilge a thiomáint sna bliantaí amach romhainn. Is trí reachtaíocht ceart-bhunaithe a dhéanfar seo.”

 Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge ó thuaidh: “Cuirimid fáilte mhór roimh na torthaí atá foilsithe ag an Choiste Roinn Chultúr, Ealaíon agus Fóillíochta (RCEF) i dtaobh an chomhairliúcháin ar Bhille na Gaeilge.

“Ghlac breis is 13,000 páirt sa phróiseás seo agus tá ardmholadh tuilte ag pobal na Gaeilge ach go háirithe as a rannpháirteachais agus an slí dearfach gur thug siad faoin phróiseás.

“Tá toramh á gcuid tiomántais le feiceáil sna torthaí seo a léirigh go raibh 94.7% dóibh siúd a sheol aighneacht isteach ar son reachtaíocht teanga.

“Leanann seo na torthaí a fuaireas ón dhá phróiseás roimhe seo, i 2006 agus i 2007. Éilíonn muid ar na páirtithe san fheidhmeannas toil an phobail a chur i bhfeidhm agus reachtaíocht ceart-bhunaithe, le hacmhainní a reáchtú go luath.”

Posted in: Nuacht