Svetlana Aleksievich – Duaiseoir Nua sa Litríocht!

Posted on Deireadh Fómhair 9, 2015 le

1



Is minic a chuirtear i leith Acadamh na Sualainne go bhfuil siad róchlaonta chun Duais Nobel sa litríocht a bhronnadh ar scríbhneoirí nár chuala aon duine trácht ná iomrá orthu ach na hacadúlaigh féin. Uaireanta bíonn boladh na polaitíochta as an ngradam. An iarracht seo, áfach, ní mór a rá gur bronnadh an duais ar scríbhneoir nach bhfuil a cuid saothar ródheacair ag an ngnáthléitheoir agus a bhfuil teachtaireacht láidir dhaonnachtúil á reic aige. Nó aici. Is í Svetlana Aleksievich duaiseoir na bliana. Bean Bhealarúiseach í a scríobhas as Rúisis, cé go ndeir sí féin gur ábhar áthais di go bhfuil an Bhealarúisis ag dul i dtreise arís mar theanga, beag beann ar Rúisiseoireacht an Uachtaráin Alaksandr Lukashenka. Tá Lukashenka tar éis cumhacht ollsmachtúil a bhaint amach sa Bhealarúis, áfach, agus caithfidh Aleksievich a cuid leabhar a fhoilsiú taobh amuigh dá tír dhúchais. Nuair a cuireadh Bealarúisis ar cheann acu le déanaí, b’éigean an leabhar a phriontáil sa Liotuáin, áit a bhfuil cónaí ar a lán teifeach polaitiúil ón mBealarúis – ní rachadh sé i gcló sa Bhealarúis féin.

Swetlana_Alexijewitsch_2013_cropped

Svetlana Aleksievich, duaiseoir Nobel sa litríocht 2015. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla.)

Scríbhneoir doiciméadach í Aleksievich, agus is iad cuimhní cinn na ngnáthdhaoine is amhábhar dá cuid saothar – na cuimhní a choinníos siad ar imeachtaí tubaisteacha a saoil, cosúil leis an Dara Cogadh Domhanda, nó an olltimpiste i stáisiún adamhchumhachta Shearnóbail. Saolaíodh í féin in Ivano-Frankivs’k in iardheisceart na hÚcráine, nó sin é an t-ainm atá ar an áit inniu – “Stanislav” a bhí ar an mbaile mór céanna nuair a tháinig Aleksievich chun saoil, leagan truaillithe den ainm Polainnise Stanisławów. An t-ainm atá ar an gcathair anois, fuair sí é ó Ivan Franko, scríbhneoir Sóisialach Úcránach a chuir tús le traidisiún na n-úrscéalta bleachtaireachta as Úcráinis. Úcránach ab ea máthair Aleksievich, ach b’as an mBealarúis dá hathair, agus is sa tír sin a chaith Svetlana óg luathbhlianta a saoil agus a chuaigh sí ag obair mar iriseoir.

Алесь_Адамовіч

Ales Adamovich, scríbhneoir neamhfhicsin ón mBealarúis. Thug a chuid leabhar faoi uafáis an chogaidh inspioráid d’Aleksievich. (Pictiúr: Vicipéid na Bealarúisise.)

Cé nach í an Bhealarúisis an teanga a shaothraíos sí féin, is léir go raibh an-tionchar ag na scríbhneoirí comhaimseartha Bealarúiseacha uirthi mar údar. Is é Ales Adamovich an scríbhneoir is minice a luas sí féin mar réamhshampla agus mar réalt eolais. Scríbhneoir clúiteach Sóivéadach ab ea Adamovich a chuir béim ar thábhacht an duine aonair agus ar chuimhní cinn an duine aonair mar chur síos ar uafáis an chogaidh, agus é inbharúla, fiú, gur rud mímhorálta é ficsean a chumadh faoin gcogadh. Ba é an saothar ab aithnidiúla le hAdamovich ná Blokadnaya kniga (“Leabhar an Léigir”), a scríobh sé as Rúisis in éineacht le Daniil Granin (scríbhneoir Rúiseach) faoi léigear Leningrad; bhí an leabhar seo bunaithe ar na scéalta a bhailigh an bheirt scríbhneoirí ó mhuintir na cathrach, ach ní raibh lucht an rialtais áitiúil sa chathair sásta leis an leabhar, ó bhí an cur síos ar chruachás na cosmhuintire le linn an chogaidh chomh lom, chomh brúidiúil, is go ndeachaigh sé thar fóir, dar leis na polaiteoirí áitiúla (nó le feidhmeannaigh áitiúla an Pháirtí Chumannaigh, ab fhearr a rá). Saothar tábhachtach eile an script a scríobh Adamovich don scannán úd Idi i smotri (“Tar go bhfeice tú”). Scannán leathréadúil, leathshiombaileach é faoi imeachtaí an chogaidh sa Bhealarúis; ba é Elem Klimov an stiúrthóir.

Scríbhneoir eile a chuaigh i bhfeidhm uirthi é Vasil Bykau, scríbhneoir cogaidh eile ón mBealarúis: is féidir a rá gurbh eisean scríbhneoir náisiúnta na Bealarúise inniu. Scéalta cogaidh a scríobhadh Bykau féin, fear a chuaigh trí anró uafásach i mblianta an chogaidh, agus scéalta loma cneasta á n-insint aige faoina bhfaca sé ansin – chomh cneasta is nár thaitin siad le deachtóir na Bealarúise.

Vasil_Bykov

Vasil Bykau ina shaighdiúir óg. Eisean an scríbneoir ba thábhachtaí a shaothraíodh an Bhealarúisis san fhichiú haois. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla)

U voyny ne zhenskoe litso (“Níl Aghaidh Mná ar an gCogadh”) an chéad leabhar le hAleksievich a foilsíodh, thiar sa bhliain 1985. Leabhar é seo a thugas cur síos ar chruachas na mban sa Dara Cogadh Domhanda. An dara leabhar, Tsinkovye malchiki, is é is ábhar dó ná cogadh na hAfganastáine. “Na Buachaillí Since” is brí le teideal an leabhair, agus is tagairt é do na cónraí since ina gcuirtí na fir óga a fuair bás i machaire an áir, le hiad a iompar abhaile. Leabhair eile iad Chernobylskaya molitva (“Urnaí ó Shearnóbail”) agus Poslednie svideteli (“Na Finnéithe Deireanacha”). Is iad na finnéithe deireanacha sin ná na daoine a bhí ina bpáistí nuair a d’ionsaigh an Ghearmáin Naitsíoch an tAontas Sóivéadach sa bhliain 1941 – páistí a bhfuair a dtuismitheoirí bás sa chogadh, mar shampla, agus nach raibh in ann mórán céille a bhaint as na himeachtaí cogaidh ina dtimpeall, iad féin.

Is minic a chuirtear i leith choiste Nobel gur nós leo an duais a bhronnadh ar scríbhneoirí nár chuala ach na speisialtóirí iomrá orthu agus nach féidir le gnáthléitheoirí mórán adhmaid a bhaint as a gcuid saothar chomh deacair doléite is a bhíos siad. An turas seo áfach tá duaiseoir soléite againn. Tá cuid mhór de shaothar Aleksievich ar fáil sna teangacha coimhthíocha cheana féin – níl an Rúisis riachtanach le aithne a chur ar ar tháinig óna peann.

Posted in: Nuacht