Iar-shaighdiúir cúisithe, ceann eile á cheistiú

Posted on Samhain 10, 2015 le

0



Bogadh maidir le dúnmharaithe stairiúla ó thuaidh

Déanfar iar-shaighdiúir a ionchúiseamh maidir le bás fír i gContae Thír Eoghain breis agus dhá scór bhliain ó shin.

Tá sé dearbhaithe ag an Seirbhís Ionchúiseamh Poiblí go bhfuiltear chun Denis Hutchings a chúisiú maidir le bás John Pat Cunningham in 1974.

Is as Corn na Breataine do Hutchings agus tá sé 74 bliana d’aois.

Scaoil saighdiúirí na Breataine an tUasal Cunningham chun bás i ngort i bhfogas don Bhinn Bhorb.

Bhí sé 27 bliana d’aois ach ní raibh ach aois mheabhrach leanaí aige.

Bhuail trí philéar é agus é ag iarraidh teitheadh ó phatról airm.

Gabhadh Dennis Hutchings i mí na Bealtaine i mbliana.

Ghabh rialtas na Breataine leithscéal as bás John Pat Cunningham dhá bhliain ó shin

Agus ghabh bleachtairí ón Bhrainse Fiosrúcháin Stairiúla iar-shaighdiúir i gContae Aontroma inniu.

Tá baint idir an ghabháil seo agus eachtraí Dhomhnach na Fola i nDoire.

Tá an fear atá á cheistiú 66 bliana d’aois agus is iar-bhall de Reisimint Paraisiúit Arm na Breataine é.

Dar leis an phóilín atá i mbun an fhiosrúcháin, an Bleachtaire-Príomhchigire Ian Harrison, gur tús le tréimhse nua san oll-fhiosrúchán é seo a leanfadh ar aghaidh ar feadh tamaill.

Tá fáilte curtha ag polaiteoirí náisiúnacha agus ag teaghlaigh íospartaigh Dhomhnach na Fola roimh an ghabháil seo.

I measc iriseoirí ó thuaidh inniu tá amhras ann nach féidir an dá ghabháil seo a scaradh ón chomhthéacs polaitiúil i gcoitinne – is é sin le rá, gur eachtraí mar chuid de chluiche straitéiseach níos mó iad.

Bhí cruinnithe idir an Taoiseach Enda Kenny, Príomh-Aire na Breataine David Cameron agus an Chéad-Aire agus an Leas-Chéad-Aire inné.

Tá cuma ar chúrsaí go bhfuil siad gar go leor do shocrú a dhéanamh agus tá sé á thuar go ndéanfar fógra éigin ann roimh an dheireadh seachtaine.

Posted in: Nuacht