Tá leabhar scríofa ag an ghníomhaire dílseach Jamie Bryson ar na cúinsí a bhaineann le díol portfóilió NAMA sa Tuaisceart.
Tuigtear nach bhfuil an leabhar á fhoilsiú ar chúinsí dlí – mar sin féin – tá dhá chaibidil de foilsithe ar a bhlag – agus daoine ainmnithe ann.
Tá sé ag ceangail díol NAMA leis an chomhlacht Meiriceánach Cerebus le hiar-bhaill de na fórsaí slándála – agus le háisíneacht slándála na Breataine – MI5.
Is é an cheist a chaitfear a chur ná – mura bhfuil aon-bhunús leis na líomhaintí a dhéanann sé – cén fáth nach bhfuil an dlí á chur air – agus cén fáth nach bhfuil a bhlag á dhúnadh?
Níl ann ach gnáth-bhlag saor in aisce WordPress i ndeireadh na dála.
Seans nach bhfuiltear ag iarraidh creidiúint a thabhairt dó?
Chun anailís a dhéanamh ar an ábhar seo áfach, i gcomhthéacs scríbhneoireachta eile Bryson – caithfear an cheist eile a chur – cé tá ag tabhairt cúnamh dó seo a scríobh?
Posted on Samhain 10, 2015 le Tuairisceoir
0