TÁ airm, piléir agus comhpháirteanna buama faighte ag na Gardaí i gceantar Chuaille, Co. Lú.
Fritheadh iad i mBaile Sheinicín coinfheascar inné.
Tuigtear go bhfuil raidhfilí de chineál Kalashniknov mar chuid den taisce seo.
Mar chuid d’oibríocht leanúnach i gcoinne Easaontóirí Poblachtacha a ba é an chuardach seo.
Tig an chuardach seo beagán níos mó ná coicís in éis go bhfuarthas gunnaí i bhfogas don Bhoth i gContae Mhuineacháin.
Shílfeá gur buille trom é seo do na heasaontóirí ach ní fios cá mhéad airm atá acu san iomlán nó cén grúpa arbh leo na gunnaí seo.
Agus cé go bhfuil grúpaí armtha ann i gcónaí, ní léir go bhfuil sé ar a gcumas ionsaithe leanúnacha a dhéanamh ar na fórsaí slándála.
Fear N Fearn
Nollaig 21, 2015
Is eol do logainm.ie cá háit a bhfuil Cuaille ach ní heol dó cá háit a bhfuil An Bhoth. An bhoth chaol? An Bhothach?
Tuairisceoir
Eanáir 6, 2016
Scotstown
Fear N Fearn
Feabhra 1, 2016
Go raibh maith agat!