CARTLANN : Cén Canúint?

Posted on Aibreán 7, 2016 le

0



Foilsíodh seo ar ‘An tUltach’ siar i 2009, tháinig sé chun cuimhne ar maidin, seans go mbeadh spéis éigin ag daoine ann.

C.D.

Tuairim ar mhí ó shin, shuigh mé síos chun scéal a léamh do m’iníonsa. Pléisiúr ar leith atá ann agus tá lúcháir orm a rá go gcuireann sí an spéis ann cé go bhfuil sí iontach óg ar fad.

Shuigh mé síos mar sin agus thóg mé leabhar a bhí lámh liom, Dhá Scéal Reachlann agus Eile, a chuir mé féin in eagar, agus chuaigh mé i mbun ársaíochta. Thosaigh mé ag léamh an bunleagan Reachlann ar an ábhar gurbh mar sin a d’inis an scéalaí an scéal agus gur mór an dámh agamsa do Ghaeilge Reachraidh.

Tríocha soicind ina dhiaidh sin, stop mé. Rinneas mo mhachnamh ar feadh soicind eile agus thosaigh ag léamh an leagan caighdeánta. Rinne mé cinneadh mór ansin i nganfhios dom féin ag an am.

Ba mhinic iontas orm nuair a dúirt tuismitheoir úr go mbíonn siad ag iarraidh a gcuid Gaeilge a choinneáil go caighdeánta ó thaobh na gramadaí agus ó thaobh na fuaimeanna de agus iad ag caint lena gcuid páistí. Níor thuig mé sin riamh. Shíl mé go raibh rud éigin mínádúrtha faoi agus go raibh sé dul a bheith níos deacra orthu Gaeilge mhaith a labhairt lena gcuid páiste gan titim siar ar chanúint éigin.

Chan ionann sin is a rá nár cheart a bheith beacht ó thaobh gramadaí is fuaimeanna de ar ndóigh, ach ní dóigh liom féin go bhfuil an caighdeán oifigiúil nó Lárchanúint na Gaeilgei ag teacht salach ar sin ar chor ar bith.

Pé scéal é, is mó mo ghrá do mo leanbh ná mo ghrá don Ghaeilge, má tá mé chun í a thógáil leis an Ghaeilge, mionteanga amach is amach, ba mhaith liom an Ghaeilge sin a bheith chomh feidhmiúil agus is féidir.

Beidh uirthi a bheith ábalta ceithre theanga a labhairt go luath ina saol agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu, rud atá doiligh a dhéanamh agus daoine ag mixeáil leo i dtólamh. Sea, ba fhéiríní na teangacha seo ar fad ach ba uallach oibre iad do pháiste chomh maith.

Chaith mé féin níos mó ama ag déanamh staidéar ar Ghaeilge Ó Méith Mara, nach maireann, ná mar a chaith mé ar chanúint ar bith eile, beo nó marbh. Tá súil agam go raibh tionchar aige sin ar mo chuid Gaeilge. Gaeilge mhaith a bhí ann ach tuigim féin go maith, má deir mo pháiste ‘tá mé cosúil maith’, ‘cha ligeann tú a leas’, ‘ ’dé as nach dtearn tú sin,’ agus mar sin de, ba ise an t-aon pháiste ar an domhain seo a thuigfeadh cad a dúirt sí. Ní bheadh sé sin cothrom is dócha.

Creideann cuid mhór páistí atá á thógáil leis an Ghaeilge gur teanga rúnda príobháideach í an Ghaeilge a labhraíonn siad lena gcuid tuismitheoirí nó le duine amháin acu fiú. Má tá canúint Ghaeilge acu nach labhraíonn ach dís bheadh an ceart acu.

Ag an am céanna áfach, is iomaí focail nach bhfuil agam ach i nGaeilge Ó Méith, nó i gcanúint Oirthear Uladh eile. Cad é a dhéanfaidh mé sa cás sin? Ní bheidh an darna suí agam ach an fhocal a bhfuil agam a rá. Seo focail atá ‘marbh’ ach nach bhfuil muid ag caint fá athbheochan na Gaeilge? Nó an bhfuil muid ag caint fá leathnú canúint áirithe ar fud na tíre?

Tagann an mhír-dhiúltach ‘cha’ níos éasca chugamsa ná ‘ní’ ach tuigim nach dtaitníonn úsáid an fhocail sin le cuid mhór Gaeilgeoirí agus cuireann sé isteach ormsa go mór nuair a bristear isteach ar mo chuid cainte chun gearán a dhéanamh faoi. Caithfear cinntiú mar sin go bhfuil ‘ní’ agus an gramadach a théann leis ag an leanbh.

Ní hé nach bhfuil mé ag iarraidh uirthi a bheith ábalta gach canúint a thuigbheáil is a mheascadh le chéile fiú chun a cuid Gaeilge féin a chruthú, ba mhaith liom Gaeilge chros-síolrach hibrideach láidir a bheadh a labhairt amach anseo – ach tá mé ach tá mé ag caint fán bhunús áfach, tá mé ag caint fán Ghaeilge mar mhodh cumarsáide seachas mar ábhar scolártha.

Caithfidh mé a admháil fosta nár mhaith liom cloí go docht daingean le canúint amháin de bhrí gur ionann sin agus a bheith ag séanadh Gaeilge mhaith ar an pháiste. Ba mhaith liom cur lena cuid Gaeilge, chan a bheith ag rá léi; ‘O, cha dtigidh leatsa sin a rá,’ och! deacracht gach deacrachta an ní a chleachtar a chuir i ndearmad! Mar sin de; ‘ní thig leat sin a rá – ní bhaineann sin le canúint s’againne!’

Mar dhuine a rinne cuid mhór staidéar ar chanúintí idir bheo agus marbh is a thug cuairt ar gach Ghaeltacht sa tír taobh amuigh de Chiarraí agus Oileán Acla, dar liomsa teanga amháin is ea í. Agus mé ag caint fá chanúintí anseo tá mé ag caint fá chanúintí sa ghnáth-chaill, i. Gaeilge na Rinne, Gaeilge na Rosann agus srl. Ach déanta na fírinne, creidim nach bhfuil ach trí fhíor-chanúintí ann sa Ghaeilge – Gaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlbain agus Gaeilge Eilean Mhanainn. Is beag difear atá le fáil idir na canúintí seo nach dtiocfadh le cleachtadh is teagmháil a shárú, sin mo thaithí féin cibé ar bith ach tuigim go bhfuil Gaeil ann in Ultaibh nach dtuigeann Gaeilge na hAlbain ar chor ar bith.

Chomh maith leis an ábhar thuas go léir, cá bhfios cá háit a mbeidh muid ag stopadh in Éirinn amach anseo, b’fhéidir go mbeidh uirthi canúint eile ar fad a fhoghlaim chomh maith, cén canúint a bheas ag an múinteoir ar scoil? Cad fá TG4?

Scéal casta go leor, nach é? Bainimis triall as cibé ar bith!

i Lárchanúint don Ghaeilge (Baile Átha Cliath: Institiúid Teangeolaíochta Éireann, 1987)

Posted in: Nuacht