Cúrsaí Oideachais i lár an chatha toghcháin

Posted on Aibreán 26, 2016 le

0



Anailís le Ciarán Dunbar

AN tIÚR : Rachaidh na vótóirí chuig ionaid vótála an Tuaiscirt chun Tionól nua a thoghadh ar an 5ú den mhí seo chugainn.

Deirim na vótóirí ach is dóigh liom nach mbacfaidh cuid mhaith den phobal leis ar chór ar bith.

Ar bhealach, sin gnáthrud i gcóras daonlathach, cé go bhfuil daoine ann ar an dá thaobh den scoilt thraidisiúnta ó thuaidh nach n-aontódh go bhfuil córas Stormont daonlathach ar chor ar bith.

Agus ní ábhar buairimh é seo ach an oiread leis an fhírinne a dhéanamh – mar sin féin, má thiteann líon na vótóirí faoi 50% – cinnte beidh fadhb ag Stormont ó thaobh na dlisteanachta de – ach ní hé sin ábhar cholún an lae inniu.

Tá Tuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe agus go héifeachtach ciallaíonn sé sin go ndéanann Westminster na cinntí tábhachtacha i ndáiríre.

Ach tá cumhachtaí suntasacha ag bunadh an chnoic mar sin féin – ina measc, smacht ar chúrsaí oideachais.

Feachtas toghchánaíochta ciúin go leor a ba é go dtí seo ach tá oideachas tar éis teacht chun tosaigh mar ábhar tábhachtach.

Seachas briseadh nó dhó agus na hinstitiúidí curtha ar ceal – tá an Roinn Oideachais faoi smacht ag Sinn Féin ó bhí 1999 ann.

Gaelcholáiste Dhoire

Gaelcholáiste Dhoire, ábhar bróid do Ghaelgeoirí, ábhar feirge d’aontachtaithe

Ach tá leid nach beag tugtha ag Arlene Foster, an chéad-aire agus ceannaire an DUP, go roghnófaí a páirtí an aireacht oideachais ar dtús báire – ní an Roinn Airgeadais, an ceann a shantaigh siad i dtólamh go dtí seo.

Anois, ná slog seo siar gan cogaint!

Seans gur amas bréige é ar eagla go mbeidh Sinn Féin ar an pháirtí is mó agus an chéad rogha ar na haireachtaí acu (rud nach dócha dar liomsa ag an phointe seo cibé ar bith).

Tá sé a mhaíomh ag foinsí aontachtacha go bhfuil oideachas á lua leo ar leaca na ndoirse thar aon ábhar eile.

Níl aon chúis ann lena bheith in amhras faoin mholadh sin.

Ach ní ceart smaoineamh go mbeadh na páirtithe eile ag santú an róil sin thar aon cheann eile – mar is é an aireacht is conspóidí agus tá na hábhair casta – go háirithe agus an t-airgead gann.

Tá trí chúis easaontais ann, an scrúdú aistrithe ag aois 11, scoileanna imeasctha agus an ghaelscolaíocht.

Scoileanna imeasctha an t-ábhar plé eile – tá sé glactha ag tráchtairteacht an Tuaiscirt gurb iad siúd réiteach fhadhbanna na Sé Chontae.

Chun scéal fada a dhéanamh gairid, chuir Sinn Féin deireadh le roghnú ar bhonn acadúil ag aois 11 i 2008 – ach thug bunús na scoileanna gramadaí neamhaird ar sin agus lean siad leis an nós – ag úsáid scrúduithe neamhoifigiúla neamhcheadaithe.

Is é an rud a tharla mar sin ná go ndearnadh é a phríobháidiú seachas a dhíbirt – réiteach Éireannach faighte ar fhadhb Thuaisceart-Éireannach?

Cé gur léir nach n-aontaíonn go leor scoileanna agus tuismitheoirí Caitliceacha leis an pholasaí sin áfach – ní léir go gcuirfidh sé sin isteach ar an dóigh a vótálann siad.

Sin de bhrí go bhfuil an SDLP, an Alliance agus go leor eile, an Eaglais Chaitliceach san áireamh, ar aon fhocal go gcaithfí deireadh a chur le roghnú acadúil ar bhonn cothromaíochta.

Dar leis an SDLP gur féidir leosan an scéal a réiteach – díreach ar an ábhar go bhfuil siad, dar leo níos cumasaí ó thaobh chomhréiteach a aimsiú – ach ní soiléir gur féidir leo vótaí a bhaint as.

Tá na páirtithe aontachtacha go láidir ar son roghnú acadúil – ach arís ní léir go vótálfaidh Caitlicigh dóibh ar a bhonn sin amháin.

Scoileanna imeasctha an t-ábhar plé eile – tá sé glactha ag tráchtairteacht an Tuaiscirt gurb iad siúd réiteach fhadhbanna na Sé Chontae.

Tá Barack Obama den tuairim chéanna mar a tharlaíonn sé.

Tá an dearcadh seo bunaithe thar aon rud eile ar an bharúil go bhfuil fadhbanna an Tuaiscirt bunaithe ar chúrsaí creidimh, chan ar chúrsaí polaitiúil agus cultúrtha.

Agus tá cuma ar an scéal go n-aontaíonn mórchuid an pobal leis – sin má chreideann tú pobalbhreitheanna – ar an taobh eile den scéal ní fhreastalaíonn ach tuairim ar 7% de pháistí an Tuaiscirt ar scoileanna imeasctha.

In aon chomhrá ar líne ar scoileanna imeasctha mar shampla, luafaí an Ghaeilge agus cluichí gaelacha – maítear nach mbíonn siad á dteagasc i scoileanna imeasctha.

Fiú do dhaoine nach spéis leo Cumann Lúthchleas Gael – chan ionann sin is a rá gur fearr leo sacar, haca agus rugbaí.

Agus ba chóir a rá nach mbacann scoileanna Caitliceacha an Tuaiscirt leis na spóirt sin ar chor ar bith de ghnáth agus nach mbíonn spóirt Ghaelacha i scoileanna stáit ó thuaidh.

Chuaigh mé i dteagmháil leis an Chomhairle Thuaisceart Éireann um Oideachas Imeasctha maidir leis an cheist seo.

Mheas siad (ní raibh figiúirí cruinn acu) go bhfuil an Ghaeilge, cluichí gaelacha nó an bheirt acu á dteagasc ina gcuid scoileanna, idir bhunscoileanna agus coláistí.

Tá an SDLP tar éis teacht amach go láidir ar son scoileanna imeasctha i bhforógra s’acusan.

Ach is suimiúil gur cuireadh foláireamh leis sin – beidh tús áite ag rogha na dtuismitheoirí i gcónaí.

Is í an cheist ná an féidir a bheith ar son gach rud?

Níor luadh Gaelscolaíocht i bhforógra an SDLP ar chor ar bith mar a tharlaíonn sé – cé gur luadh ann Acht Gaeilge.

Tá an Alliance ar go láidir ar son scoileanna imeasctha mar atá an UUP agus an DUP go pointe .

“Unifed System of Education,” atá uaidh an UUP – léiríonn siad tacaíocht áirithe do scoileanna imeasctha ach deir siad nach féidir córas iomlán imeasctha a chruthú “thar oíche.”

Níor luadh an focal ‘integrated’ i bhforógra an DUP – cén go léiríonn sé tacaíocht d’oideachas ‘roinnte’.

Déarfadh lucht cáinte na n-aontachtaithe seo nach bhfuil i gceist acu ach Caitlicigh a tharraing isteach sa chóras stáit.

Tá ionsaí déanta acu beirt ar an Ghaeloideas áfach – dar leis an DUP go rachaidh siad i ngleic leis an “chóir fhabhrach” a fhaigheann an earnáil i láthair na huaire.

Léiríonn ráiteas i ndiaidh ráitis, eagarfhocal in éis eagarfhocail gur ceist an-chigilteach í an Ghaelscolaíocht i measc an phobail aontachtaigh.

Chuir an cinneadh chun Gaelcholáiste Dhoire a aithint aontachtaithe ar buile glan, ‘Hogwarts’ na Gaeilge a thugann Gaeil air – “the school with 14 pupils” a thugann polaiteoirí agus páipéir aontachtacha air.

Níor luadh Gaelscolaíocht i bhforógra an SDLP ar chor ar bith mar a tharlaíonn sé – cé gur luadh ann Acht Gaeilge.

Caithfear an dearcadh seo a thuiscint sa chomhthéacs ina bhfuil scoileanna stáit – Protastúnacha go héifeachtach – á ndruidim agus á mbrú le chéile mar gheall ar líon na ndaltaí a bheith ag titim.

Ach ní dócha go dtiocfadh le haire aontachtach mórán dochair a dhéanamh do Ghaelscoileanna an Tuaiscirt mar atá i láthair na huaire.

Tá Gaelscolaíocht á chosaint agus muise á chothú, go hoifigiúil cibé ar bith, faoin Ordú Oideachas 1998 – a shíolraíonn ó Chomhaontú an Chéasta – ní féidir le haontachtaithe faic na ngrást a dhéanamh fá dtaobh de.

Thiocfadh leo ceann nó dhó a dhruidim b’fhéidir ach is cinnte go dtroidfí i gcoinne sin sna cúirteanna go fíochmhar. .

Ní hé go raibh muintir na Gaelscolaíochta sásta leis Sinn Féin i dtólamh – cha raibh, agus bhí cás cúirte ann mar thoradh ar an easaontas sin – cás a chaill an tAire John O’Dowd.

Cuireann na haontachtaithe go ndeachaigh Sinn Féin ar chrosáid idé-eolaíochta agus iad i mbun oideachais – caithfidh mé a rá, ní dóigh liom go n-easaontódh Sinn Féin leis an anailís sin cé go maífidís gur ar son na cothromaíochta a bhí siad i gcónaí.

Ach má roghnaíonn an DUP an aireacht oideachais a roghnú, beidh siad ag tabhairt eochracha an chiste airgid do Shinn Féin.

Tá siad idir charraig agus chloch mar sin – an maithfeadh a lucht tacaíocht dóibh dá ligfeadh siad Sinn Féin isteach san aireacht oideachais arís áfach? – ar féidir leo deis chun fíor-bhuile a bhuaileadh ar Shinn Féin a ligint le sruth – beidh le feiceáil.

Gnáth-pholaitíocht atá ann oideachas a phlé ach ní féidir a shéanadh go bhfuil blas na sean-scoilte ar na hargóintí seo i gcónaí.

Posted in: Nuacht