CARTLANN: Cá mhéad cainteoir Gaeilge atá ann ó thuaidh i 2009?

Posted on Feabhra 9, 2017 le

1



RÉAMHRA 2017: Agus líon na nGaeilgeoirí ó thuaidh ar ais sa nuacht, shíl mé gur smaoineamh maith a bheadh ann an saothar seo a rinne mé i 2009 a fhoilsiú arís.

Tá sé mar sin 7 mbliana as dáta ach léiríonn sé na hiarrachtaí a rinneadh chun teacht ar fhigiúr cruinn maidir le líon na nGaeilgeoirí sa tuaisceart.

Admhaím gur beag an fiúntas atá leis inniu, mar sin féin, níl mórán ar fáil ar an ábhar seo.

Chomh maith leis sin, rinneadh athrú ar cheisteanna an daonáirimh maidir le teanga ó scríobhadh an píosa seo – tá ceist ann anois maidir le ‘main language’.

Fuarthas amach i 2011 mar sin go labhraíonn 4,164 duine an Ghaeilge mar phríomhtheanga, líon ardaithe beagán ón am a scríobh mé an píosa thíos, creidim.

Tá an líon sin i bhfad níos ísle ná an líon daoine a labhair an Pholainnis mar phríomhtheanga, 17,731.

Mar sin féin dúirt 184,898 (11% den daonra) go raibh eolas éigin acu ar an Ghaeilge agus dúirt 64,847 go raibh siad in ann an Ghaeilge a labhairt, a scríobh agus a thuiscint.

Bhí 5,256 dalta ag freastal ar Ghaelscoil sa tuaisceart i 2014/15, líon atá ag ardú i gcónaí, ach atá ag ardú go mall ag an am céanna.

Táthar ann gan amhras a déarfadh go raibh i bhfad níos mó Gaeilge á labhairt o thuaidh i 2009 ná mar a léiríodh san alt ach níor mhothaigh mé riamh aon fhianaise maidir leis sin.

Bhí líon na dteaghlach Gaelach an-íseal i 2009, as mo thaithí féin, sílim gur féidir gur tháinig feabhas éigin ar sin ó bhí an bhliain sin ann ach níor mhothaigh mé aon rud a chuirfeadh in iúl dom gur tháinig feabhas suntasach ar an líon sin.

Foilsíodh an píosa thíos den chéad uair sa phaipéar Nuacht 24, nach maireann.

CD

Cá mhéad cainteoir Gaeilge atá ann ó thuaidh i 2009?

The previous census figures on indigenous languages were deeply flawed, and efforts by particular groups did not help the situation. I recall a headline in one newspaper that said that if you can read or understand the words “tiocfaidh ár lá”, you can read and understand the Irish language … It is nonsense, Mr Speaker, to suggest that if you know and understand those three words, you know and understand the Irish language. I have had meetings with leading professors to examine how the situation can be addressed in future censuses so that levels of language use and need can be measured accurately and the generic nonsense that was demonstrated in the previous census can be avoided.

Edwin Poots MLA, DUP (Aire Cultúir, Ealaíon is Fóillíochta, mar a bhíodh) 19th Bealtaine 2008.

Léiríonn an ráiteas thuas gur ceist thábhachtach ábhartha polaitiúil é ‘cá mhéad cainteoir Gaeilge a bhfuil againn sna Sé Chontae?’.

Agus cúrsaí mionteanga agus / nó teanga mionlaithe a phlé, is ceist ábhartha líon na gcainteoirí i gcónaí. Tá fios ar eolas agus úsáid teanga de dhíth chun riachtanais lucht labhartha an teanga sin a mheas, chun polasaithe teanga a cheapadh agus pleanáil teanga a dhéanamh, chun freastal oideachais a chinntiú, chun gníomhaíocht teanga a eagrú, chun cearta a éileamh agus mar sin de.

I dtús báire, is é an bhuncheist agus líon na gcainteoirí Gaeilge a mheas ná cad is cainteoir Gaeilge ann? Déanann ráiteas Edwin Poots féin tagairt don deacracht seo

Mar sin, an ionann cainteoir Gaeilge (nó Gaeilgeoir fiú?) agus ….

  1. Daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu amháin?

Prima Facie, is cainteoirí Gaeilge iad an dream seo sin, ach mura n-úsáideann an duine sin an Ghaeilge ar chór ar bith mar shampla, an féidir iad uile go léir a chur san áireamh mar ‘chainteoirí’?

  1. Daoine a úsáideann an Ghaeilge mar ghnáth-theanga?

Déanta na fírinne, is iad seo an dream seo an grúpa is fusa a cheapadh mar chainteoirí Gaeilge ach mar a fheicfear ar ball beag, is féidir go mbaineann daoine sna Sé Chontae úsáid as an Ghaeilge nach bhfuil iomlán líofa sa teanga.

Caithfear cur san áireamh fosta gur féidir go mbeadh cuid mhór daoine sna Sé Chontae, agus in Éirinn ar fad, ar mhian leo an Ghaeilge á úsáid mar theanga laethúil ach nach bhfuil an deis sin acu i láthair na huaire.

  1. Gach duine a bhfuil Gaeilge ar bith acu?

Mar a deir Edwin Poots, an ionann duine a bhfuil sé ar a chumas acu ‘tiocfaidh ár lá’ a rá agus cainteoir Gaeilge? Ar an chéad amharc is furasta a rá nach cainteoirí Gaeilge lucht foghlamtha nó daoine a bhfuil dornán focail Gaeilge acu ach caithfear cuimhniú gur féidir go measann na daoine seo féin gur cainteoirí Gaeilge iad agus is féidir go mbaineann siad úsáid as an dreas focail a bhfuil acu ar bhonn laethúil fiú.

  1. An bhfuil daoine a úsáideann an Ghaeilge mar theanga chultúrtha nó léannta nó ar bhealach éigin eile ach gan í a úsáid mar ghnáth-theanga ina gcainteoirí Gaeilge?

Arís, ar an chéad amharc is furasta a rá gur cainteoirí Gaeilge iad an dream seo ach an féidir iad seo a chur san áireamh agus ceart teanga a éileamh nó cúrsaí tumoideachais a phleanáil? Ar cheart don stát iad siúd a chur san áireamh agus polasaithe a cheapadh?

Caithfear an cheist a chur áfach, an féidir a bheith cinnte nach mbainfeadh cuid daoine den dream seo úsáid as an Ghaeilge dá mbeadh an fhaill sin acu?

Ar bhealach is ceisteanna fealsúnachta iad seo, ceisteanna nach féidir liom a fhreagairt anseo. Déanfar iarracht anseo áfach cá mhéad cainteoir a bhfuil ann ó thuaidh a thomhais agus idirdhealaithe a dhéanamh eatarthu maidir le líofacht agus le leibhéal úsáide de.

      1. Daonáireamh Thuaisceart Éireann 2001

Is é an daonáireamh 2001 an príomhfhoinse a bhfuil ar fáil fá láthair. Dar leis an daonáireamh seo …

  • Tá Gaeilge éigin (i. “some knowledge of Irish”) ag 167,487 nó 10.4% den phobal.

  • Ba Chaitlicigh 154,622 acu sin nó 92%, ba Phrotastúnaigh nó ‘Críostaithe eile’ 10,987 acu nó 6.55%.

  • Mhaigh 75,125 gur féidir leo Gaeilge a labhairt, a thuiscint a léamh agus a scríobh.

An féidir ciall ar bith a bhaint as na figiúirí seo nó an bhfuil siad ‘deeply flawed’ mar a mhaígh Edwin Poots?

Tuigtear go forleathan go ndearnadh áibhéil éigin agus an daonáireamh a líonadh isteach ach caithfear cur san áireamh go ndéanann tromlach de Chaitlicigh sna Sé Chontae staidéar de chineál éigin ar an Ghaeilge ar scoil, mar sin, is féidir go mbeadh eolas éigin ag 10% den phobal ar an teanga ach is cinnte nach ionann sin agus cainteoirí líofa nó laethúil.

As an 75,125 a mhaígh gur féidir leo Gaeilge a labhairt, a thuiscint, a léamh agus a scríobh, níl dóigh ar bith ann cá mhéid cainteoirí líofa agus / nó laethúil a áireamh ach an oiread.

      1. 1.2 Continuous Household Survey, The Irish Language in NI – 1987

Roimh an daonáireamh 1991 ba é The Irish Language in NI, Preliminary Report of a Survey of Knowledge, Interest and Ability an t-aon saothar a thug léargas ar bith dúinn faoi líon na gcainteoirí Gaeilge i dTuaisceart Éireann.

Tá an suirbhé seo aon bhliain is fiche as dáta ach is é ceann de na suirbhéanna is cuimsithí ar an cheist go dtí seo, tá sé ábhartha go fóill de bhrí sin.

Caithfear cuimhniú agus an suirbhé seo a phlé go bhfuil leideanna ann gur tháinig fás mór ar an Ghaeilge sa Tuaisceart ó shin, tá i bhfad Éireann níos mó páistí ar Ghaelscoileanna mar shampla.

Ba iad an Policy Planning and Research Unit, Statistics and Social Division a rinne an suirbhé seo, mar sin is foilseachán oifigiúil de chuid rialtas na Breataine é.

Seo roinnt de na príomh-thorthaí as an suirbhé sin.

Páistí idir 3-15 bliana d’aois;

  • Bhí eolas éigin ar an Ghaeilge (‘some knowledge of Irish’) ag 11% de na páistí sa suirbhé.

  • As an mhéad sin, bhain 24% acu as an Ghaeilge sa teach ó am go ham (‘used Irish at home occasionally’).

  • As an mhéad a mhaígh eolas ar an Ghaeilge, bháin 5% acu úsáid as an Ghaeilge mar theanga an tí (‘used the language daily in a home setting’).

Má bhaintear úsáid as daonáireamh 2001 mar phointe tagartha (tuairim ar 311,795 páistí idir 3-15), chiallódh sé sin …

  • Go mbeadh 34,298 páiste ann a bheadh eolas éigin ar an Ghaeilge acu.

  • Go mbeadh 8231 páiste ann a bhainfeadh úsáid as an Ghaeilge sa bhaile ó am go ham (‘occasionally’).

  • Agus go mbeadh 1715 páiste ann a bheadh an Ghaeilge mar theanga an tí sa bhaile acu ar bhonn laethúil.

Daoine fásta idir 16 – 69 bliana d’aois.

  • Bhí eolas éigin ar an Ghaeilge (‘some knowledge of Irish’) ag 11% de na daoine fásta sa suirbhé

As an mhéid sin, mhaígh …

  • 41% acu go raibh sé ar a chumas acu comhrá bunúsach (‘a simple conversation’) a bheith acu sa Ghaeilge.

  • 6% acu go raibh sé ar a chumas acu comhrá casta (‘complex conversation’) a bheith acu sa Ghaeilge

  • Mheas 5% acu go raibh siad ar an chaighdeán is airde maidir le ceithre leibhéal teanga de (‘highest level on all four language skills’), i. Iomlán líofa.

  • Mhaigh 15% acu gur bhain siad úsáid as an Ghaeilge ó am go ham (‘occasionally’) sa bhaile (‘home setting’).

  • Mhaigh 1% acu gur bhain siad úsáid as an Ghaeilge sa baile (‘home setting’) ar bhonn laethúil.

Chiallódh sé sin, má bhaintear úsáid as an daonáireamh 2001 mar phointe tagartha …

  • Go mbeadh eolas éigin ar an Ghaeilge ag 149,763 daoine fásta*.

  • Go mbeadh 61,403 ann ábalta bun-chomhrá a bheith acu.

  • Go mbeadh 8,986 ann ábalta comhrá casta a bheith.

  • Go mbeadh 7,488 ann a bheadh iomlán líofa sa Ghaeilge.

  • Go mbeadh 22,464 a bhainfeadh úsáid as an Ghaeilge ó am go ham sa bhaile.

  • Agus go mbeadh 1,498 ann a bhainfeadh úsáid as an Ghaeilge sa bhaile ar bhun laethúil.

* Má chuirtear an líon seo (149,763) le líon na páistí a mhaígh eolas éigin ar an Ghaeilge (34,298), is ionann sin is a rá go mbeadh eolas éigin ar an Ghaeilge ag 184,061 daoine, figiúr atá níos airde ná líon na ndaoine a mhaígh eolas ar an teanga i ndaonáireamh 2001 féin, is féidir nach bhfuil sé chomh mí-bheacht is a maítear.

      1. Life and Times Survey, NI, (1999)

Chuir an suirbhé thuas, déanta ag Ark, comhthógra taighde idir Ollscoil Uladh agus Ollscoil na Banríonai , cheist an-shimplí : ‘what is the main language spoken in your own home?’ – Mhaigh 1% den phobal go raibh an Ghaeilge mar theanga tí acu.

      1. Má bhaintear úsáid as daonáireamh Thuaisceart Éireann mar a bhí i 2006, is ionann 1% den phobal agus 17,416.

      2. Barúlacha Acadúla ar an cheist :

Dar le Mac Giolla Chríost (2000), tá idir 40,000 agus 45,000 ‘functional Irish speakers’ agus idir 13,000 agus 15,000 daoine a bhfuil líofacht iomlán acu sa teangaii.

Dar le Dónall Ó Riagáin (2007) :

Only 1-2% of the population claim to be completely fluent, and the majority of those claiming an ability to speak Irish have only partial or limited fluency in the languageiii.

      1. Staitisticí eile :

Páistí a bhfuil Gaeilge acu sa bhaile;

Tá an eagraíocht Comhluadar chun ‘tacaíocht agus treoir a thabhairt do thuismitheoirí ar mian leo Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí’iv den bharúil go bhfuil tuairim is 1000 páiste a thógáil le Gaeilge sna Sé Chontae. Tá tuairim is 400 cláraithe leov.

Líon na bpáistí ar Ghaelscoileanna an tuaiscirt (2007-2008);

Sa bhliain 2007-2008, bhí 4390 páiste ar Ghaelscolaíocht an tuaiscirt. Bhí 1076 acu sin ar naíscoil, 2675 acu ar bhunscoileanna agus 639 ar mheánscoil.

Líon na ndaoine a dhéanann Gaeilge ar scoil (2008);

Ar ndóigh déanann níos mó daoine an Ghaeilge mar ábhar ar scoil mar ábhar scoile agus is iad an mhéad atá ag déanamh scrúdaithe na staitisticí is cinnte bhfuil againne. Sa bhliain 2008, rinne 2304 GCSE Irish, rinne 128 GCSE Gaeilge agus rinne 248 GCE (A-Level).

Suirbhéanna áitiúla;

Tá méid áirithe suirbhéanna déanta ag grúpaí Gaeilge áitiúla, mar shampla tá suirbhé áitiúil déanta ag Cumann Gaelach Leath Cathailvi , ag Pobal an Chaistil agus ag Coiste Forbartha Charn Tóchair.

Focail Scoir

Is aisteach an rud é ach ní mór dom aontú le Edwin Poots sa mhéid is go gcaithfear plé leis an Ghaeilge ar bhealach níos éifeachtaí sa daonáireamh amach anseo. Caithfear líofacht agus úsáid a mheas nó ní fiú ceist na Gaeilge a bheith ann ar chór ar bith.

Is doiligh ciall a bhaint as na staitisticí a bhfuil againn fá láthair agus ní cóir barraíocht a bhaint astu.

D’ainneoin é sin, creidim gur féidir roinnt tátalanna a bhaint den eolas a bhfuil ar fáil againn.

Measaim go léiríonn an taighde déanta go dtí seo go bhfuil idir 10,000 agus 15,000 cainteoirí iomlán líofa Gaeilge ó thuaidh.

Léiríonn sé fosta go bhfuil idir 15,000 agus 40,000 ábalta Gaeilge a labhairt go leibhéil chomhrá éagsúla agus gurbh fhéidir go mbeadh suas go 75,000 atá ábalta bun-chomhrá a dhéanamh inti.

Léiríonn na staitisticí go mbaineann idir 17,000 – 22,500 sa bhaile ó am go ham. Is sonrach go leor an mhéid sin ann féin ach is suntasach amach é go mbaineann níos mó daoine úsáid as an Ghaeilge ná mar atá Gaeilge líofa acu!

Is difear suntasach é seo idir staid na Gaeilge sna Sé Chontae agus staid na Gaeilge ó dheas.

Creidim go léiríonn na staitisticí a bhfuil ar fáil againn go labhraíonn tuairim ar 1,500 duine fásta an Ghaeilge sa teach ar bhonn laethúil agus go bhfuil idir 1,000-1,500 a thógáil le Gaeilge sna Sé Chontae san am atá i láthair.

Tá cuma ar an scéal nach mbaineann ach tuairim ar 10% de na daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu ó thuaidh úsáid aisti mar theanga tí.

Is féidir ar ndóigh go mbaineann daoine áirithe úsáid as an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den teach áfach.

Is líon suntasach é seo go dearbh, ach i ndiaidh níos mó de chéad bhliain de ‘athbheochan’ na Gaeilge, ní mór an mhéid é dar liomsa, ní chreidim go bhfuil todhchaí na Gaeilge mar theanga tí agus mar chéad teanga sna Sé Chontae daingnithe ar chór ar bith.

Ar an iomlán, léiríonn an t-eolas a bhfuil againn gur beag an ról atá seachadadh idir-ghlúine ag imirt ar shaol na Gaeilge go dtí seo agus go bhfuil an Ghaeilge ó thuaidh ag bráth ar an chóras oideachas Béarla go fóill chun cainteoirí úra Gaeilge a chruthú, cé go bhfuil earnáil na Gaelscolaíochta ag fás i gcónaí.

Is ábhar buairimh mar sin go bhfuil líon na ndaoine ag déanamh scrúdaithe Gaeilge ag titim le blianta beaga anuasvii.

Moltaí do ghníomhairí teanga agus d’eagraíochtaí Gaeilge.

  • Caithfear brú a chur ar an rialtas chun ceist na Gaeilge ar an daonáireamh a fheabhsú.

  • Is iad an dream atá líofa sa teanga agus iad siúd atá cumas measartha acu sa teanga ach nach mbaineann úsáid aistí mar ghnáth-theanga an dá eochair-dhéimeagrafach do ghníomhaire teanga ar bith ó thuaidh – i. chun iad a thiontú ina gcainteoirí laethúla.

  • Ní bhaineann ach mionlach de chainteoirí líofa na Gaeilge í mar theanga tí. Má táthar ag súil go mairfidh an Ghaeilge mar theanga bheo labhartha seachas mar dhara theanga chultúrtha, caithfear an líon sin a ardú más féidir.

  • Is beag líon na bpáistí atá a thógáil le Gaeilge ó thuaidh. Caithfear daoine a spreagadh chun a bpáistí a thógáil le Gaeilge agus cuidiú a chur ar fáil dóibh. Caithfear cur in iúl do lucht na Gaeilge gur ionann teanga bheo agus teanga a seachadtar mar theanga tí ó ghlúin go glúin, ní féidir léi maireachtáil go deo mar dhara theanga. Dá bharr sin, ba chóir go mbeadh maoiniú Fhoras na Gaeilge agus aird na n-eagras Gaeilge dírithe ar an sprioc sin thar aon rud eile.

  • Is ábhar dóchais é go bhfuil cuma ar an scéal go mbaineann níos mó daoine úsáid as an Ghaeilge ó thuaidh ná líon na gcainteoir líofa. Caithfear díriú ar an dream sin chun líofacht s’acu a fhorbairt.

  • Caithfear cur leis an mhéid daltaí atá ag dul don Ghaeilge i scoileanna Béarla an tuaiscirt agus daltaí a spreagadh chun an t-ábhar a roghnú.

iEstablished in 2000 as a joint project between QUB and UU, ARK is a web resource that allows you to access a range of social and political material relevant to Northern Ireland’ (http://www.ark.ac.uk/)

iii Ó Riagáin, D., ‘Towards an Irish Language Policy for Northern Ireland’, Fortnight, (March 2007).

v Eolas ó chomhrá pearsanta le hoibrithe Chomhluadair.

vi Irish and the Family : A Survey of Irish Language Usage in the Lecale Area of Co. Down in 2004 (http://www.leathchathail.com/literature.php?lang=1)

vii Ó Broin, C. ‘Titim i líon A Leibhéal Gaeilge’, Lá Nua, 15/08/2008

Posted in: Nuacht