Browsing All Posts filed under »Spórt«

Foireann Bainstíochta Pheil na Mionúr Ard Mhacha Fórgraiste

Eanáir 16, 2015 le

0

Tá ardlúcháir ar Choiste Contae Ard Mhacha ceapachán fhoireann bhainistíochta pheil na mionúr a fhógairt do 2015. Is é iar-imreoir Ard Mhacha agus buaiteoir Chraobh na hÉireann, Aodhán Ó Ruairc a bheas ag cur a thaithí fhairsing bainistithe ar fáil dá chontae dúchais. Taobh leis, beidh a chomhghleacaí ó 2002 agus a chomhbhuaiteoir gradaim UileRéalta Pól […]

Bainistíocht Iomána Ard Mhacha Fógartha

Eanáir 15, 2015 le

0

Preas-ráiteas I ndiaidh cruinnithe de Bhord Contae Ard Mhacha ag tús na seachtaine, tá lúcháir ar Choiste Contae Ard Mhacha ceapachán agus daingniúchán foireann bhainistíochta iomána an chontae a dheimhniú do 2015. Is é bainisteoir sinsear iomána don bhliain 2015 ná Sailbheastar Mac Conaill agus beidh Padraig Ó Conchúir mar bhainisteoir cúnta leis. Tá Sailbheastar agus […]

Eisiach : Benny Coulter chun éirí as foireann an Dúin

Samhain 24, 2014 le

0

Tá sar-imreoir an Dúin, Benny Coulter, chun éirí as foireann an chontae. Tugadh le fios don suíomh go raibh sé i gceist an scéala seo a fhógairt inniu ag 3:15 ar shuíomh idirlín bhord an chonte. Tá 32 bliana aige an fhear ó Dhroichead Mhaigh Eo. Duine de na peileadóirí ab fhearr a tháinig amach as […]

Stail Ghaelach Na Gaeil Óga – Nach bhfuil tallann iontach acu ar fad!

Deireadh Fómhair 5, 2014 le

0

Beidh ceann de mhór-oícheanta na bliana ag Na Gaeil Óga ar siúl Dé Sathairn 18 Deireadh Fómhair ag 7.30pm sa Trinity Inn ar Shráid an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath. Gach bliain eagraíonn cumann lán-Ghaeilge na príomhchathrach an comórtas seo le deis a thabhairt don chumann teacht aníos le stail ghaelach na bliana. Is é […]

Spórt&Spraoi Geallta do Fhoirne Faoi Aois Na Gaeil Óga!

Meán Fómhair 6, 2014 le

0

Tá an chéim is mó chun tosaigh ó bunaíodh é á glacadh ag Na Gaeil Óga, cumann CLG lán-Ghaeilge Bhaile Átha Cliath agus foirne faoi aois le tosú gan mhoill. Tá beartaithe ag an gcumann Acadamh Peile is Iomána faoi aois do chailíní is bhuachaillí a chur ar bun i Leamhchán, áit a bhfuil dhá Ghaelscoil […]

Oll-troid uaidh Carl Frampton i ndiaidh Kiko Martinez

Meán Fómhair 6, 2014 le

0

Dar le Carl Frampton tá mór-chatha le teacht nuair a baineann sé an crios IBF Super-Bantamweight uaidh Kiko Martinez anocht i mBéal Feirste. Ó leag sé Martinez i mí Feabhra 2013, tá an Spáinneach tar éis Jonatan Romero chun an Craobh Super-Bantemweight a bhaint amach agus tá sé tar éis í a chosaint faoi dhó. Ach dar le Frampton, cé […]

Aire duit a Martin O’Neill

Meán Fómhair 4, 2014 le

0

Roimh tús na babhtaí cáilithe do Craobhchomórtas na hEorpa, ní raibh aon amhras ach go raibh Martin O’Neill chun an comórtas a bhaint amach. Tá 24 áiteanna ar fáil (16 a bhí ar fáil i 2012) agus ní raibh mórán dainséir ag baint leis an Pholainn, Albain, Georgia nó Gibraltar. (Ní raibh éinne ag ceapadh […]