Browsing All Posts filed under »Tuairim«

Deartháir don Duine Aerach an fear ithe Diúilicín – ‘bíodh an ghráin agaibh orthu’

Bealtaine 20, 2015 le

2

Tuairim le Seán Ó Néill   Go díreach mar a deirtear gur deartháir don tsac an mála, caithfear gurb ionann fear ithe diúilicín agus duine a luíonn le duine eile den inscne chéanna. Níl soiléiriú de dhíth orainn sa chás dheireanach sin, nó tá sé ráite linn gur chóir go gcuirfí chun báis na fir […]

Coinín na Cásca agus Lá an Bhreithiúnais

Aibreán 7, 2015 le

0

Tuairim le Ciarán Dunbar Dé Domhnaigh, bhí againn an Cháisc, an lá is tábhachtaí sa Chríostaíocht. Le déanaí, tháinig an ceiliúradh sin faoi scáth na Nollag mar gur roghnaigh Santa teacht ag an am sin. Mar sin féin, d’fhág coinín na Cásca corr-fhéirín i ngairdín s’againne dár n-iníon, an bhfuil seisean anois ag iarraidh dul […]

Cá mhéad vótaí ar fiú Bonn Uile-Éireann?

Feabhra 17, 2015 le

0

Ciarán Dunbar  Roghnaíodh an iar-pheileadóir Justin McNulty le seasamh ar son an SDLP go hoifigiúil an tseachtain seo caite. Bhain an fear as Mullach Bán bonn Uile-Éireann sa pheil le Contae Ard Mhacha in 2002. Seasfaidh sé mar iarrthóir i dtoghcheantar an Iúir agus Ard Mhacha sa toghchán Westminster atá le teacht i mí Bhealtaine. […]

Duais Nobel Tuillte Ag Stailceoir Ocrais?

Feabhra 17, 2015 le

0

Tá sé ina ábhar conspóide ó thuaidh an tseachtain seo tar éis gur dhúirt Ball Tionól de chuid Sinn Féin, Barry McIlduff gurb “laoch agus mairtíreach” an stailceoir ocrais Raymond McCreesh a fuair bás in 1981. Lean an Ball Tionóil leis ag rá go raibh duais shíochána Nobel tuillte ag McCreesh níos mó ná go […]

Beart agus briathar an Fhorais 

Feabhra 9, 2015 le

0

Aindrias Ó Cathasaigh  Ó thit an tubaist eacnamaíochta anuas orainn, is minic a bhí ar ár bhformhór an crios a theannadh. Is minic a d’áitigh daoine i gcumhacht orainn é a dhéanamh, mar nach raibh an dara rogha ann. Is annamh, áfach, a bhraith siadsan an gátar chomh géar céanna leis an gcuid eile againn. […]

Glac mo chomhairle, Ná glac comhairle

Feabhra 4, 2015 le

0

Glacann fear críonna comhairle? Ar chóir comhairle a ghlacadh nó an fearr do chomhairle féin i gcónaí, téann Ciarán Dunbar i mbun seanchais ar an cheist.  Craoladh seo ar Chlár Chormaic ag a Cúig ar 2 Feabhra 2015. Foilseofar an leagan scríofa ar ‘Nós’, eagrán mhí Feabhra.

Eisiach : Treall-Fheachtasóirí na Gaeilge

Eanáir 14, 2015 le

0

Preasráiteas Tá Coiste na bhFocal Nua tar éis tús a cur le feachtas conspóideach craiceáilte cacfhoclach a chuirfidh lucht leithris na tíre san tríthí! Feachtas greamán i leithris fud fad na tíre é #LearnOnTheLoo atá dírithe ar phubanna agus ar chlubanna is daoine a chur ag caint agus ag clamhsán lena chéile faoi gach ábhar […]