Browsing All posts tagged under »An Ghaeilge«

An é seo do chupán tae?

Deireadh Fómhair 22, 2016 le

0

Os cionn mo chéile táim chun léimt isteach sa seanchath seo. Ní fuath liomsa an Béarlachas. Cuireann sé isteach orm ó am go ham, ach go ginearálta ní éirím ró-fheargach (mura bhfuil an rialtas taobh thiar de, nó Aerphort BÁC). Níl móran le rá agam nach bhfuil pléite ag Antain Mac Lochlainn cheana féin (ní […]

Peig – an bhfuil malairt modh múinte incheaptha?

Eanáir 13, 2015 le

1

Tá sé ina dheilín smolchaite i measc na neamh-Ghaeilgeoirí agus na nGaeilgeoirí araon go bhfuil teagasc na Gaeilge curtha ó mhaith ag Peig, an dóigh a n-úsáidtear í leis an teanga a mhúineadh don ghlúin óg dhrogallach. Ar dtús caithfidh mé a rá go bhfuil mé cineál amhrasach i leith an tseanbhailéid seo. Ar ndóigh […]

Éistear lenár nGlór a Thaoisigh – Caithear Éisteacht

Deireadh an tSamhraidh 17, 2014 le

3

Bhailigh slua ag agóid arna eagrú ag Conradh na Gaeilge ag Roinn an Taoisigh i dTithe an Rialtais, Baile Átha Cliath níos moille inniu (Dé Céadaoin, 16 Iúil 2014), ag éileamh ar an Taoiseach Aire Stáit le Gaeilge líofa a cheapadh chun cúram Aire Gaeltachta. Bhí tuairim ar 50 i láthair ag an agóid, uimhir […]

“An é bunús an cháis seo ná gur thug sé a ainm i nGaeilge?”

Aibreán 9, 2014 le

1

Fear cúisithe as Gaeilge a labhairt leis na péas Bhí fear as Baile Átha Cliath os comhair chúirt i nDoire an tseachtain seo chuaigh thart agus é cúisithe as gan a chuid sonraí pearsanta a chur ar fáil feadh a chumais faoi Acht Cirt agus Slándála ar 6ú Márta na bliana seo. Dúirt dlíodóir Dhiarmuid […]

Tá an rialtas ó dheas ag marú na Gaeilge, ach tá níos mó den locht ort!

Feabhra 25, 2014 le

4

Chuaigh tú go Lá Mór na Gaeilge, bhí tú dearg le fearg leis an rialtas, teastaíonn uait toghchaí a roghnú don Ghaeilge ach is céard is féidir leatsa déanamh anois? Is é a chuirim romham thíos ná roinnt céimeanna chun sin a chinntiú. Céimeann beaga simplí cuid acu, céimeanna móra roinnt eile, ach tá bealach […]

An bhfuil tú ag lorg post?

Aibreán 24, 2013 le

3

An bhfuil tú ag lorg post? An bhfuil Gaeilge líofa agat? Tá go leor poist ar fáil ag obair le an AE ach níl go leor Gaeilgeoirí ag cur isteach orthu! Tá maolú sealadach ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den AE – mar a bhíodh i gcás na Mailtise – toisc deacrachtaí praiticiúla […]

Is leithcheal é riachtanas Gaeilge do chúrsa trí mheán na Gaeilge : DUP

Aibreán 18, 2013 le

3

Díreach nuair a shíl tú nárbh fhéidir leis an DUP a bheith níos seafóidí lena bhfrithGhaelachas, d’éirigh leo a bheith níos seafóidí arís. Tá sé á mhaoímh ag an DUP go bhfuil sé “leatromach” go bhfuil riachtanas ann go mbeadh Gaeilge ag duine atá ag cur isteach ar chúrsa d’ábhair mhúinteoirí Gaelscolaíochta i gColáiste Mhuire […]