Browsing All posts tagged under »An tUltach«

AGALLAMH: Niall Comer, Uachtarán úr Chonradh na Gaeilge

Márta 3, 2017 le

0

Is é Niall Comer Uachtarán úr Chonradh na Gaeilge. Labhair fear an Iúir leis An tUltach faoina chúlra agus faoin bhéim a bheidh á cur aige ar an mheon dheonach. Cad é mar a chuir tú spéis sa Ghaeilge den chéad uair? Scéal measartha saoithiúil atá ann óir nuair a thosaigh mé ar Scoil na […]

Briseadh : “Spásas” don tUltach

Deireadh an tSamhraidh 9, 2013 le

5

Tuigtear go raibh cruinniú idir fhoilsitheoirí ‘An tUltach’, Comhaltas Uladh, agus Foras na Gaeilge inniu agus go raibh an cruinniú sin dearfach. Tuigtear dúinn go bhfuil “spásas” ann don tUltach mar thoradh ar an chruinniú seo. Bhí baol ann go mbeadh deireadh leis an iris sheanbhunaithe tar éis gur fógair FnaG go mbeadh deireadh lena […]

Feachtas ar son ‘An tUltach’

Deireadh an tSamhraidh 5, 2013 le

0

Tá an feachtas ar son na hirise ‘An tUltach’ ag bailiú nirt, tá an iris seanbhunaithe faoi bhagairt anois agus é fógartha ag Foras na Gaeilge go bhfuil siad ag cur deireadh lena mhaoiniú. Tá go leor Gaeilgeoirí a bhfuil proifíl ard acu ag léiriú a dtacaíocht don iris agus tá na torthaí á fhoilsiú […]

Dea-scéal do NÓS

Deireadh an tSamhraidh 3, 2013 le

0

Má tá míchinnteacht ann maidir le todhchaí ‘Feasta’ agus ‘An tUltach’ faoi láthair, ní amhlaidh an scéal don iris stílbheatha ‘NÓS’. Tá sé curtha in iúl ag foilsitheoir agus eagarthóir NÓS, Tomaí Rua Ó Conghaile, go mbeidh an iris ar fáil i siopaí Easons, sin 63 siopa ó mhí Lúnasa ar aghaidh. Is féidir NÓS […]

Feasta : Mac Fhearghusa dóchasach

Deireadh an tSamhraidh 2, 2013 le

2

Tá sé ráite ag eagarthóir ‘Feasta’, Pádraig Mac Fhearghusa, go bhfuil sé féin dóchasach maidir le todhchaí ‘Feasta’ agus ‘An tUltach’ mar aon. Mar a thuairiscigh an suíomh seo inné, tá sé socraithe ag Bord Fhoras na Gaeilge deireadh a chur le deontais reatha an dá irise, a bhí mar chuid de dheontais a máthair-eagraíochtaí, […]

Arbh fhéidir go bhfuil ‘Feasta’ faoi bhagairt chomh maith?

Deireadh an tSamhraidh 1, 2013 le

5

Ciarán Dúnbarrach Beidh ar ‘An tUltach’ agus ar ‘Feasta’ cur isteach ar dheontas ar leith ó Fhoras na Gaeilge chun an tréimhse idir Iúil agus Nollaig 2013 a mhaoiniú. Tá sé curtha in iúl ag Foras na Gaeilge don ‘Tuairisceoir’ gur “thóg Bord Fhoras na Gaeilge cinneadh gan “An tUltach” agus “Feasta” a mhaoiniú don […]

“Níl muid buailte fós” – An tUltach

Deireadh an tSamhraidh 1, 2013 le

4

Tá sé ráite ag Cathaoirleach na hirise ‘An tUltach’, Réamonn Ó Ciaráin nach bhfuil an iris “buailte fós.” Mar a thuairiscigh an Tuairisceoir inné, tuigtear don Ultach go bhfuil deireadh le maoiniú Fhoras na Gaeilge don iris, atá ar an tsaoil ó bhí 1924 ann. In ráiteas leis an Tuairisceoir, dúirt sé, “Tá gnéithe áirithe […]