Browsing All posts tagged under »gaeilge«

An é seo do chupán tae?

Deireadh Fómhair 22, 2016 le

0

Os cionn mo chéile táim chun léimt isteach sa seanchath seo. Ní fuath liomsa an Béarlachas. Cuireann sé isteach orm ó am go ham, ach go ginearálta ní éirím ró-fheargach (mura bhfuil an rialtas taobh thiar de, nó Aerphort BÁC). Níl móran le rá agam nach bhfuil pléite ag Antain Mac Lochlainn cheana féin (ní […]

Ceolchoirm Adele curtha ar ceal

Lúnasa 20, 2016 le

0

“An rud is annamh is iontach” a deirtear, ach anocht nuair a rinne amhránaí Adele postáil neamhchoitianta a dhéanamh ar Facebook, ní dea-scéal a bhí aici le roinnt.   Faoi láthair tá an bhean óg ó Londain ar thuras domhanda tar éis di a halbam ‘25’ a fhoilsiú i mí na Samhna seo caite. Le […]

Ar ghabh tú gach aon Phokémon go fóill?

Lúnasa 13, 2016 le

0

Tháinig an aip Pokémon GO amach breis is mí ó shin anois, agus thosaigh na mílte daoine á húsáid. Ba í an aip is mó íoslódáil sa chéad seachtain sa siopa Apple (agus sna trí seachtaine i ndiaidh don aip teacht ar an bhfód, d’íoslódáil 35 milliúin duine é). Tá líon dochreidte úsáideoirí laethúla ag an aip freisin, […]

Scaifte Mór Ar Shlógadh Shinn Féin

Samhain 22, 2015 le

0

Ba é ceannaire Shinn Féin Gerry Adams a thug an chéad óráid ag Slógadh Shinn Féin ar an Iúir Dé Sathairn. #Slógadh iontach inniu, comhrá maith, ionrach + úsáideach Its all about implementation, moltaí + féidearthachtaí ann pic.twitter.com/OnNdo2Hve0 — Conchur Ó Muadaigh (@Conchur91) November 21, 2015 Bhí príomh-halla Ghaeláras Mhic Ardghail plódaithe don ócáid. Dar […]

Béal Feirste ag GaelGÁIRÍ

Deireadh an tSamhraidh 26, 2015 le

0

  Beidh GaelGÁIRÍ ag cur seó ar siúl i mBéal Feirste den chéad uair riamh ar oíche Mháirt 4 Lúnasa, ag 8pm, sa Chultúrlann mar chuid de Fhéile an Phobail. Ina measc siúd a bheidh ar an ardán le linn na hoíche beidh Michael Mee, Seán T. Ó Meallaigh agus Pato, Ger Staunton chomh maith le Aideen […]

Gaeilge ina ‘buntáiste’ ach ní ina ‘riachtanas’ do Shinn Féin

Meán an tSamhraidh 15, 2015 le

7

Tá post á fhógairt ag Sinn Féin do phreas-oifigeach in Oifig na hEorpa Shinn Féin sa Bhruiséil. Luaitear an Ghaeilge leis an phost; “Ability to write as Gaeilge will be viewed as an advantage.” Ach seo do phost san Aontas Eorpach (áit a bhfuil stádas éigin ag an Ghaeilge) ag cur ionadaíochta ar fáil do […]

G-G-G-aillimh ag GaelGÁIRÍ!

Bealtaine 19, 2015 le

0

Tá GaelGÁIRÍ, an t-aon chlub grinn Gaeilge sa tír, ag teacht go Gaillimh den dara huair ar Satharn seo chugainn an 23ú Bealtaine. Bígí leo le go leor fuirseoirí úra a fheiceáil! Beidh buaiteoir An Gaeilgeoir is Greannmhaire 2014 Seán T. Ó Meallaigh agus a chara Pato ann chomh maith le hAine Gallagher, a tháinig […]