Browsing All posts tagged under »irish language«

Ceolchoirm Adele curtha ar ceal

Lúnasa 20, 2016 le

0

“An rud is annamh is iontach” a deirtear, ach anocht nuair a rinne amhránaí Adele postáil neamhchoitianta a dhéanamh ar Facebook, ní dea-scéal a bhí aici le roinnt.   Faoi láthair tá an bhean óg ó Londain ar thuras domhanda tar éis di a halbam ‘25’ a fhoilsiú i mí na Samhna seo caite. Le […]

Peig – an bhfuil malairt modh múinte incheaptha?

Eanáir 13, 2015 le

1

Tá sé ina dheilín smolchaite i measc na neamh-Ghaeilgeoirí agus na nGaeilgeoirí araon go bhfuil teagasc na Gaeilge curtha ó mhaith ag Peig, an dóigh a n-úsáidtear í leis an teanga a mhúineadh don ghlúin óg dhrogallach. Ar dtús caithfidh mé a rá go bhfuil mé cineál amhrasach i leith an tseanbhailéid seo. Ar ndóigh […]

Amach liom ’na Galltachta

Bealtaine 5, 2013 le

0

Litir ón líne thosaigh le Ciarán Dúnbarrach Tá mé ar saoire an deireadh seachtaine seo agus tá an líne thosaigh sa Spidéal tréigthe agam, amach liom ’na Galltachta féachaint an féidir aon dóchas don Ghaeilge a fháil ansin. Thosaigh mé oíche Aoine le hoíche shóisialta i mbaile mór an Iúir, Co. an Dúin / Co. […]

Is leithcheal é riachtanas Gaeilge do chúrsa trí mheán na Gaeilge : DUP

Aibreán 18, 2013 le

3

Díreach nuair a shíl tú nárbh fhéidir leis an DUP a bheith níos seafóidí lena bhfrithGhaelachas, d’éirigh leo a bheith níos seafóidí arís. Tá sé á mhaoímh ag an DUP go bhfuil sé “leatromach” go bhfuil riachtanas ann go mbeadh Gaeilge ag duine atá ag cur isteach ar chúrsa d’ábhair mhúinteoirí Gaelscolaíochta i gColáiste Mhuire […]

Ceantar na hOllscoile chun tosaigh ar an Iarthar

Aibreán 12, 2013 le

4

Ciarán Dúnbarrach Maidir leis an Ghaeilge mar phríomhtheanga, tá Iarthar Bhéal Feirste chun tosaigh sna Sé Chontae ach tá Botanic i gceantar na hollscoile chun cinn maidir le líon na ndaoine a bhfuil scileanna de gach sórt acu sa teanga. Ní nach ionadh, mar seo an barda ina bhfuil Ollscoil na Banríona agus bheadh an […]

Cearta teanga : litir ón líne tosaigh

Márta 16, 2013 le

4

Ciarán Dúnbarrach COMHFHREAGRAS : Tá cónaí ormsa sa Spidéal, ceantar Gaeltachta i ‘gcatagóir B’ tuairim is 10 míle ó Chathair na Gaillimhe. Teanga phobail is ea í an Ghaeilge go fóill ar an Spidéal ach ní féidir mórán dóchais go leanfaidh sé sin ar aghaidh mórán níos faide. With language rights in the news – […]

Cé hiad na frithGhaeilgeoirí?

Márta 14, 2013 le

7

Ciarán Dúnbarrach TUAIRIM – Seo Seachtain na Gaeilge agus seachtaine na bhfrithGhaeilgeoirí leis! D’fhoghlaim muid an tseachtain seo gur féidir go ngabhfaidh na Gardaí tú as Gaeilge a labhairt, d’ainneoin go bhfuil siad in ainm a bheith ábalta an teanga a labhairt agus ní amháin sin ach go síleann scair den phobal gurb é sin […]