Browsing All posts tagged under »NASA«

Nuacht ó Shaol na hEolaíochta: Gáma-Radaíocht sna Stoirmeacha Toirní

Eanáir 5, 2015 le

0

Is é an scéala is úire dár tháinig ó Údarás Spáis na Stát Aontaithe ná gur minice i bhfad ná a shíltí go nuige seo a bhíos na stoirmeacha toirní in ann splancanna gáma-radaíochta a thabhairt uathu. Rud é seo a bhainfeadh stangadh as an duine nach bhfuil ach fisic na meánscoile ar eolas aige, nó […]

An Nuacht is Úire ó Shaol na Réaltaí

Nollaig 20, 2014 le

0

Is iontach a lán eolais atá ar na réaltaí ar an saol deiridh seo. […] Tá cuid acu chomh fada sin uainn go mbíonn an solas féin na milliúin blianta ar an mbealach chugainn uathu, tar éis go dtéann sé os cionn aon mhilliún déag mílte sa nóiméad. Tá an t-ábhar chomh dlúth, chomh pacáilte […]

Ar Imeall an Ghrianchórais

Deireadh an tSamhraidh 28, 2013 le

2

Le déanaí chuala muid go bhfuair dhá ghealach eile de chuid Phlútóin ainmneacha. Roimhe seo, ní raibh orthu ach P4 agus P5, ach anois tugtar Kerberos agus Styx orthu. Baineann na hainmneacha seo le tuiscint mhiotaseolaíoch na sean-Ghréagach ar an mbás: is é Ceirbearas madra na dtrí gcloigeann agus é ag gardáil gheataí an tsaoil […]

Réamhstair na Stáisiún Spáis

Aibreán 20, 2013 le

1

Anois, agus an spásaire Ceanadach Chris Hadfield ag timpeallú an Domhain ar an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta agus ag giolcaireacht as Gaeilge ó am go ham, is dócha nach miste cúpla focal a bhreacadh síos faoi choincheap an stáisiúin spáis féin agus faoi fhorbairt na stáisiún seo. Arthur C. Clarke – Fear na hAislinge Is ar […]